Míp agus Blípín

Beidh idir óg agus aosta faoi gheasa ag an scéal álainn seo faoi Mhíp agus Blípín. Ábhar iontais atá anseo do bhuachaillí agus do chailíní spáis. Beidh siad an tógtha leis an dá róbat bheaga bhídeacha seo agus mar a chuirtear Blípín ‘chun siúil’ go dtí Mars. Chaith Míp bliain ina haonar ar Mhars agus seoltar Blípín chuici le haghaidh a breithlae. Ar dtús, bíonn Míp beagáinín cúthaileach lena cara nua ach léirítear go héifeachtach an tábhacht a bhaineann le cineáltas, cairdeas agus comhluadar fiú ar Mhars.

Caithfear go leor ama ag féachaint agus ag iniúchadh na bpictiúr, áit atá na mionsonraí in obair na n-eolaithe ar thalamh agus eachtraí Míp agus Blípín ar Mars léirithe ag léaráidí tarraingteacha. Tá leathanaigh an leabhair ghleoite seo lán le dathanna geala agus go leor eolais le fáil iontu do léitheoirí óga. Tá an Ghaeilge sa leabhar go hálainn agus beifear ag iarraidh an scéal a léamh arís agus arís eile le gach aon ní a thógáil isteach. Scéal atá lán le dóchas croí, agus a léiríonn an tábhacht a bhaineann le fáilte a chur roimh chairde nua – róbó, eachtrán, nó leanbh fiú! – i do shaol, cé go mbíonn sé deacair ar dtús.

About the Author
Maire Zepf Headshot
Is údar í Máire Zepf a scríobhann leabhair don aos óg. Tá dhá leabhar déag scríofa aici go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na leitheoirí is óige, úrscéalta staire agus Nóinín – an chéad úrscéal véarsaíochta sa Ghaeilge do dhéagóirí. Chruthaigh sí sraith faoi charachtar bríomhar darbh ainm Ríta (An tSnáthaid Mhór) i bpáirt leis an maisitheoir Andrew Whitson. In 2015, d’fhoilsigh Futa Fata Ná Gabh
Learn more
About the Illustrator
Illustrator Headshot - Paddy Donnelly
Paddy Donnelly is an Irish illustrator now living in Belgium. He has over 15 years experience as an illustrator and designer, and especially loves working with a textured, painterly approach. With a fondness for illustrating the sea and animals, Paddy tries to inject a touch of humour to his work wherever he can. Coming from a graphic design background, Paddy is comfortable working in different
Learn more
Book Cover - Míp agus Blípín
Author
Illustrator
Publisher
Publication Date
October 2022
Price
€10.95
Format
Hardback
Pages
25
ISBN
9781910945995