Rita Agua An Dragún

An rud ba mhó ar mhaith le Rita ná dragún mar chara agus mar chomrádaí saoil aici. Éiríonn sí feargach ó am go chéile agus tá a fhios aici gurb amhlaidh an scéal a bheadh ag dragún agus go dtuigfeadh an dragún a cuid feirge.

Is scéal é seo ina samhlaíonn príomhcharachtar an scéil, cailín óg darb ainm Rita, saol eile ar fad ina n-éalódh sí i bhfad i gcéin le cara nua, dragún ollmhór dearg, agus go gcuideodh siad lena chéile bheith socair agus suaimhneach! Tá an leabhar seo lán le spraoi agus eachtraíocht ó thús deiridh. Bheadh sé in oiriúint do pháiste a dtaitníonn eachtraíocht, an dúlra agus ainmhithe leo! Tá an leabhar lán le léaráidí áille ildaite – de bhladhmanna móra oráiste an dragúin, sneachta geal bán an gheimhridh agus gainní dearga an dragúin. Tá sé deascríofa agus tá foclaíocht shimplí, soiléir ann do pháistí atá i mbun léitheoireachta den chéad uair. Taitneoidh an scéal iontach agus na pictiúir aoibhne sa leabhar seo le páiste ar bith – ach go háirithe le páistí a bhfuil samhlaíocht mhór acu agus fonn eachtraíochta orthu. Éist le Rita agus lena dragún nuair a scaoileann siad Rárrr!

About the Author
Maire Zepf Headshot
Is údar í Máire Zepf a scríobhann leabhair don aos óg. Tá dhá leabhar déag scríofa aici go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na leitheoirí is óige, úrscéalta staire agus Nóinín – an chéad úrscéal véarsaíochta sa Ghaeilge do dhéagóirí. Chruthaigh sí sraith faoi charachtar bríomhar darbh ainm Ríta (An tSnáthaid Mhór) i bpáirt leis an maisitheoir Andrew Whitson. In 2015, d’fhoilsigh Futa Fata Ná Gabh
Learn more
About the Illustrator
Andrew Whitson Headshot
Is ealaíontóir agus Feirsteach ó dhúchas é Andrew Whitson. Cónaíonn sé i seanteach atá taobh thíos de chaisleán agus buailte le srón fathaigh. In eaglais iontach sean, déanann sé pictiúir sa túr a chrochann sé ar bhallaí agus a chuireann sé i leabhair. In amanna, bíonn sé ag obair chomh mall sin sa túr go nglasáiltear isteach é. Ansin, caithfidh sé úsáid a bhaint as a eochair rúnda, dhraíochta le
Learn more
Book Cover - Rita agus an Dragún
Publication Date
July 2021
Format
Hardback
Pages
44
ISBN
9780993474576