An Slipéar Gloine

Tá Luaithrín in umar na haimiléise – níl cead aici dul chuig an mbál. Tugann an t-údar Fearghas Mac Lochlainn saol nua do sheanscéal Luaithrín – nó Cinderella – sa leabhar beomhar seo. Is dócha go mbeidh scéal Luaithrín ar eolas ag léitheoirí óga ach is fiú fós an athinsint seo a léamh.

Gluaiseann an scéal seo, idir mhaisiúcháin agus théacs, le fuinneamh cinéiteach. Tá an leabhar beo! Tosaíonn an ghluaiseacht leis an gclúdach leabhair draíochtúil, ar a bhfuil Luaithrín ag féachaint aníos ar lámh a Máthar Baistí agus ar a slaitín draíochta drithleach. Spleodar, is cinnte!

Téacs liriciúil véarsaíochta atá i gceist anseo. Tá an scéal ag croitheadh le greann agus le himeartais focal. Is léir go bhfuil an-chumas teanga san údar. Prós rinnceach atá i gceist. Preabann na focail ón mbéal.

Anois is arís, bíonn míchéimeanna áirithe ann nuair nach dtuileann abairt éigin chomh líofa sin; bíonn ar an léitheoir an abairt a athrá. Den chuid is mó, áfach, véarsaíocht shnasta atá i gceist.

Léaráidí lonracha físiúla atá againn sa leabhar atá maisithe ag Paddy Donnelly. Tá na carachtair i lán-aicsean ar an leathanach. Tá an domhan beo beathach. Líonann na léaráidí an leathanach agus líonfaidh siad intinn an léitheora chomh maith céanna.

Leabhar thar a bheith taitneamhach – molaim é!

About the Illustrator
Illustrator Headshot - Paddy Donnelly
Paddy Donnelly is an Irish illustrator now living in Belgium. He has over 15 years experience as an illustrator and designer, and especially loves working with a textured, painterly approach. With a fondness for illustrating the sea and animals, Paddy tries to inject a touch of humour to his work wherever he can. Coming from a graphic design background, Paddy is comfortable working in different
Learn more
Book Cover - An Slipéar Gloine
Illustrator
Publisher
Reviewer
Publication Date
August 2022
Price
€12.95
Format
Hardback
Pages
32
ISBN
9781910945711