An Snag Breac Ildaite

Seo scéal gleoite ina ndéantar iniúchadh ar dhathanna an dúlra agus ina gcuirtear béim ar choincheap na féinmhuiníne. Foghlaimíonn an snag breac, le cabhair an ulchabháin chríonna, nach bhfuil sé chomh leamh agus a cheapann sé: faoi sholas na gréine níl aon amhras ach go bhfuil sé chomh hálainn ildaite le créatúir eile na foraoise.

Tarraingítear an léitheoir isteach i suíomh an scéil go beacht, a bhuí le léaráidí iontacha Scully. Cruthaítear peirspictíocht ar leith le méid na n-íomhánna atá an-éifeachtach ar fad, agus cuireann na léaráidí glinne go mór le sothuigtheacht an scéil do pháistí óga. Baintear úsáid as cló ildaite ó am go chéile chun na dathanna a bhéimniú, agus tagann na gnéithe scríofa agus na gnéithe amhairc le chéile go deas ar an iomlán.

Tá athrá sa leabhar seo atá an-chabhrach don léitheoir óg, agus úsáideann Baskin nathanna áirithe chun mothúcháin an tsnaga bhric a léiriú go cruinn agus an scéal á fhorbairt i dtreo an bhuaicphointe. Éiríonn leis an údar ionadh an léitheora a mhúscailt sa timpeallacht nádúrtha, aird a tharraingt ar réimse dathanna, agus teagasc dearfach croíúil a chur chun cinn. Tá simplíocht álainn ag baint leis an téacs a chomhfhreagraíonn do na léaráidí mealltacha, agus is cinnte gur féidir le léitheoirí óga taitneamh agus tairbhe a bhaint as an bpictiúrleabhar seo

About the Illustrator
Photo - Serena Scully
Serena Scully is a designer, illustrator and educator from Dublin and is currently based in Stockholm, Sweden. She is very interested in nature and in the ways it can be protected. The natural environment and the process of pollination have strong influences over Serena's work both artistically and ethically. An Snag Breac Ildaite is her first picturebook.
Learn more
Book Cover - An Snag Breac Ildaite
Author
Illustrator
Publisher
Reviewer
Publication Date
February 2023
Price
€13.00
Format
Paperback
Pages
24
ISBN
9781739255121