Tic Teaic Tiú: Leabhar Fuaime
Is leabhar deas gleoite é Tic Teaic Tiú atá lán le rannta do pháistí ó thraidisiún na hÉireann. Tá sé amhrán ann ón mbunleagan, Gugalaí Gug, ach anois is féidir éisteacht leo trí chnaipí a bhrú sa leabhar fuaime seo, a bhuí le Futa fata. Tá sé lán go barr le léaraidí gléineacha agus fuaimeanna áille agus mholfainn go hard é do thuismitheoirí má tá páistí óga acu sa bhaile.
Insíonn gach rann scéal beag don léitheoir, agus tá sé ag cur thar maoil le téamaí agus mothúcháin a bheadh oiriúnach do pháistí agus tuismitheoirí araon. Is bealach iontach éasca é seo chun leas agus sult a bhaint as cultúr na hÉireann.
The companion book to Gugalaí Gug, Tic Teaic Tiú now available as a noisy book, this is a fun collection of traditional Irish language children’s rhymes.