People

All reviews tagged with Claire Marie Dunne

38 matches

 

Sort by   


A leithéid!

Léirmheas le Niamh Ní Thuama  Is leabhar aoibhinn é “A leithéid”, a scríobh Gillian Lobel agus a d’aistrigh Gabriel Rosenstock.  Is scéal é faoi ‘Caoimhe Corr’, éinín a thagann ar nead lán d’uibheacha.  Is uibheacha iad seo nach bhfuil cosúil le haon cinn atá feicthe aici riamh cheana! Gan rómhoill, tuigeann sí go gcaithfear aire cheart…

Áille agus Brúid

Léirmheas le Shane Donoghue Finscéal traidisiúnta ón bhFrainc is ea an leabhar seo atá bunaithe den chuid is mó ar Áille agus Brúid. Is leabhar faoi chlúdach crua é ar a bhfuil cuma álainn a tharraingíonn siúl an léitheora, agus ina leagtar amach an scéal ar thaobh amháin agus pictiúir bheoga ar an taobh eile. Sa…

Am Codlata i Lár na Codlata

Léirmheas le Shauna Brennan Tagann an scéal Am Coldlata i Lár na Coille ó pheann Carole Lexa Schaefer agus ba í Vanessa Cabban a d’aistrigh agus mhaisigh é. Is scéal é seo faoi ainmhithe beaga difriúla sa choill agus faoin méid a bhíonn idir lámha acu in ionad dul a chodladh. Bhainfeadh páistí óga ach go…

Amú

Léirmheas le Beití Ní Dhuibhir Buachaill óg is ea é Oisín atá curtha i gcampa ceartúcháin i nGaineamhlach Ghóibí  ag a cuid tuismuitheoirí   agus iad ag súil le feabhas a chur ar a iompar.  Lá éigín socraíonn sé éalú ón gcampa ach  ní mar shíltear a bhítear amuigh i nGaineamhlach Ghóibí . Bíonn an saol amuigh…

An Baile Gandath

Léirmheas le Shane Donoghue Is scéal álainn é seo ón Áisaonad faoi sholas geal a lonraíonn an dorchadas; i mbaile ina bhfuil dath liath ar gach uile rud, idir éadaí na ndaoine agus a mothúcháin. Is mian leis an nGramadán go mbíonn na daoine uile faoi ghruaim an t-am ar fad. Mura mbíonn leanaí ag caoineadh, ní…

An Leabhar Órga

Léirmheas le hAisling Ní Fhathaigh Ní féidir mórán eolais a fháil ó chlúdach leabhar Ríona Nic Congáil ach fós féin, b’fhéidir gurbh fhearr sin toisc gur leabhar draíochtúil, drámatúil é a chur faoi gheasa mé ón tús. Is leabhar sraithe atá ann, agus ar dtús cheap mé go mbeadh mearbhall orm é á léamh, ach…

An Túr Solais

Léirmheas le hÉadaoin Nic Choinshléibhe. Is é An Túr Solais an chéad leabhar i dtriológ atá scríofa ag Ríona Nic Congáil, a céadfhoilsíodh sa bhliain 2004. Osclaíonn an scéal seo le fuadach linbh: deirfiúr óg Luan. Ní fada go bhfaigheann sé amach cé atá taobh thiar den eachtra seo: Danu a sheanmháthair olc atá ina…

Aoife agus an Chuil Ghorm

Léirmheas le Conchúr Mac Crábhagáin  Tosaíonn an scéal seo le hAoife ag ní na gréithe, bogann sé ar aghaidh chun cur síos a dhéanamh ar an chuil ghorm agus í ag eitilt isteach sa bhosca bruscair agus an dóigh a éiríonn a cosa salach. Ansin tosaíonn an chuil ghorm ag siúl thar na gréithe agus diúltaíonn…

Bhí Fathaigh Ann Uair

Léirmheas le hÚna Breathnach  Tá clú agus cáil mór ar Martin Waddell mar scríbhneoir do pháistí. Bhuaigh sé duais Hans Christian Anderson i míle dhá chéad is a ceathair. B'í Aoibheann Uí Chearbhaill a rinne an leagan Gaeilge den scéal seo. Is í príomhcharachtar an leabhair a insíonn an scéal. I dtús báire tá sí…

Bleachtaire na Seirce

Léirmheas le Beítí Ní Dhuibhir  Seo an cúigiú cnuasach filíochta ón fhile Chorca Dhuibhne Dairena Ní Chinnéide. Diríonn dánta an chnuasaigh ar réimse leathan téamaí mar shampla an nádúr, na séasúír agus cúrsaí ghrá, mar atá le feiceáil sa dán Bleachtaire na Seirce, an teidealdán. Agus an dán Lá Gránna á léamh ag an léitheoir  cloisfidh…

Bóthar an tSíoda

Léirmheas le Daríona McClafferty Tá an leabhar seo dírithe ar Bhóthar an tSíoda ón Eoraip  go dtí an tSín agus ar an stair a bhaineann leis. Tá sé leagtha amach go soiléir. Tá gach ceann de na sleachta gearr agus dírithe ar thopaicí áirithe. Tosaíonn an leabhar le dlúthcheangal idir Bóthar an tSíoda, an Eoraip  agus…

Chagrin

Léirmheas le Seán Mac Risteaird Fearacht a chuid iarrachtaí próis eile, is minic a spreagann an scéal pearsanta agus an turas spioradálta aonair Ré Ó Laighléis chun pinn. Scríbhneoir  is ea Ó Laighléis a bhfuil cumas aige scéalta le cúrsaí casta an tsaoil a phlé go snoite snasta atá curtha in oiriúint do dhéagóirí agus do…

Cití agus a Slaitín Draíochta

Léirmheas le Niamh Ní Thuama Eachtra eile i saol Chití Cailleach atá i gceist sa leabhar seo. Maidin lae Seó Mór na nDraíodóirí atá ann, agus tosaíonn Cití á hullmhú féin don ócáid mhór. Beartaíonn sí ar a gúna álainn a chaitheamh. Nuair a fheiceann sí nach bhfuil sé glan, cuireann san inneall níocháin é. Ní…

Cití Cailleach

Léirmheas le Shauna Brennan Seo scéal do pháistí idir ocht mbliana d’aois agus aon bhliain déag d’aois agus iad ag foghlaim na Gaeilge. Scéal greannmhar é faoi chailleach a bhfuil neart fadhbanna aici mar go bhfuil a cat Smúróg  duaithnithe ag a fionnaidh sa bhaile. Múineann an scéal seo rudaí faoin teach do pháistí ag baint…

Cití san aer arís

Léirmheas le hÚna Breathnach Cailleach is ea Citi a eitlíonn ó áit go háit ar a scuab dhraíochta in éineacht lena cat Smúróg. Go dtí seo sheol sí tríd an aer gan stró. Ní raibh tranglam tráchta ná soilse tráchta nó aon rud ag cur moille uirthi. Tagann athrú ar rudaí agus buaileann Cití le…

Cogito

Nuair a bhogann cailín óg go dtí áit aisteach nua, tugann sí faoi deara go bhfuil a scáth ar iarraidh. Tumann sí í féin isteach in áit atá rúnd dhraíochta chun a scáth a aimsiú – a samhlaíocht… Is leabhar fíorálainn é Cogito a insíonn an eachtraí an chailín óig a léimeann isteach i ndomhan…

Cuil Bheag Óg

Sa leabhar seo feicimid an chuil bheag óg ag eitilt thart agus é ag cur isteach ar na hainmhithe móra. Suíonn sé ar shrón na heilifinte, ar chluas an dobhareich agus ar lapa an tíogair. Cé go bhfuil sé beag bídeach níl faitíos ar bith ar an gcuil bheag óg. Tá na hainmhithe móra ag…

Dracula (Eagrán do dhéagóirí)

Léirmheas le hIarla Mac Aodha Bhuí Is fada an leabhar seo i gcló ach mar scéal cáiliúil clasaiceach a spreag scannáin agus leaganacha éagsúla gan áireamh, is maith agus is mithid é a mholadh. Chóirigh Emmett B. Arrigan leagan do dhéagóirí agus is é an file agus an t-aistritheoir sároilte cumasach Gabriel Rosenstock a chuir…

Fainic a Fhiachra

Léirmheas le Medb de Buiteléir Is pictiúrleabhar álainn simplí do pháistí thart ar sé no a seacht é Fainic, A Fhiachra. Insíonn sé scéal Fhiachra, buachaill óg a mbíonn timpistí aige i gcónaí ach a thagann astu ar bhealach éigin. Is breá le Fiachra beag an saol mór millteach atá thart timpeall air agus ag tabhairt…

Gearóidín Gabhar

Léirmheas le Beití Ní Dhuibhir Scéal gleoite  taitneamhach  é seo faoi Ghabhar darb ainm Gearóidín agus na hainmhithe éagsúla a gcasann sí leo lá amháin agus í ag spaisteoireacht timpeall feirme.  Faraor, gach uair a labhraíonn sí leis na  hainmhithe éagsúla lena mbuaileann sí, ní chloiseann sí iad i gceart agus éiríonn míthuiscint eatarthu.  Chabhródh an…

Goimh agus Scéalta Eile

Léirmheas le Seán Mac Risteaird Is mar úrscéalaí is mó a bhfuil cáil bainte amach ag Ré Ó Laighléis le roinnt mhaith blianta anuas. Sin ráite, is féidir fós scoth na scríbhneoireachta a fheiceáil sa chnuasach gearrscéalta Goimh agus scéalta eile a tháinig ó pheann Uí Laighléis in 2004. Láimhseáil ardchumasach ar théama an chiníochais atá…

Grian na Cásca

Leirmheas le hAoife Gately Is leabhar le dánta iontacha do dhaoine óga é Grian na Cásca. Tá na dánta samhlaíoch agus siamsúil. Scríobhann Treasa faoi théamaí aithnidiúla an nádúir, an tsaoil sa bhaile, agus laethanta saoire ar bhealach úr uathúil. Meallann an teanga sa leabhar seo léitheoirí óga. Úsáideann cuid de na dánta, mar shampla…

Is geal liom sibh go léir

Léirmheas le Conchúr Mac Crábhagáin Insíonn Sam Mc Brearty dúinn faoi trí bhéirín agus an imní atá orthu. Síleann siad uile go gceapann a Mamaí agus a nDaidí go bhfuil an dá bhéar eile níos fearr. Tá jab ag Mamaí agus Daidí Béar a mhíniú dóibh gur geal leo iad go léir. Is cuma le Mamaí…

Is Linne an Tolg

Léirmheas le Tara Malone Is leabhar greannmhar do pháistí é “Is Linne an Tolg”, agus insítear an scéal trí shúile an chait “Máire Treasa Mí Abha”. Nuair a thagann tolg nua chuig an teach, tógann an cat millte trioblóid mhór mar nach féidir léi an tolg a úsáid a thuilleadh chun faobhar a chur ar a…

Lá Breithe Chití

Léirmheas le Freda Ní Mhuilleann Cailleach, cóisir, draíocht agus cat dubh; tá gach uile saghas rud i gceist leis an leabhar iontach seo agus ní mór dom a rá gur leabhar den scoth atá ann. Bhí mé féin tógtha leis tar éis an blurba féin a léamh agus an clúdach a fheiceáil. Scéal álainn taitneamhach greannmhar…

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi

Léirmheas le Colm Ó Fainín Is é “Lastall den Scáthán agus a bhFuar Eilís Ann Roimpi” an scéal leantach de “Eachtraí Eilíse i dtír na nIontas” a scríobh Lewis Carroll agus a d’aistrigh Nicholas Williams go Gaeilge, agus tá sé ar fáil i mbreis is seacht dteanga is fiche. Cosúil le “Eachtraí Éilís i dtír na nIontas”…

Leabhar Mór an Eolais

Léirmheas le Niamh Ní Thuama Ciclipéid reatha atá cruthaithe ag Oxford University Press agus aistrithe ag Máirtín Ó Cléirigh, Colmcille Ó Monacháin agus Caoimhín Ó hÍcí. Tá an t-eolas bailithe acu faoi naoi dtéama éagsúla agus tá réimse fíorleathan clúdaithe acu dá bharr. An chéad rud a fheiceann an léitheoir óg nuair a osclaíonn sé nó…

Leonardo agus an Buachaill a D’eitil (Scéal Faoi Leonardo Da Vinci Le Laurence Anholt)

Léirmheas le Ruth Nic an Bhreithiúnaigh An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire Ó pheann an scríbhneora Laurance Anholt a thagann an leabhar spéisiúil, ealaíonta seo faoi Leonardo Da Vinci, an dealbhóir, péintéir, ailtire, cumadóir agus innealtóir ba cháiliúla ar domhan. Déanann an leabhar álainn seo cur síos ar Zoro, buachaill óg  agus é fíorghnóthach ag…

Mo Cholainn: Ó Bhaithis Go Bonn

Léirmheas le Siobhán McNamara Leabhar pictiúr do pháistí óga é seo. Lán le léaráidí soiléire deasa simplí, tugann an leabhar eolas do pháistí ar na baill beatha, ar na rudaí is féidir a dhéanamh leis na baill beatha éagsúla, agus ar an ilchineálacht mhór a bhaineann leis an gcolainn ó thaobh crutha, méid agus dath craicinn…

Nasc na Fola

Léirmheas le Siobhán McNamara Insítear scéal fírinneach sa leabhar seo faoi Shéamas agus Thomás Ó Dálaigh, beirt dheartháireacha óga Éireannacha, a d’fhág a dtír dhúchais mar gheall ar na Péindlíthe san ochtú haois déag chun dul chuig an Spáinn, agus beirt a raibh tionchar mór orthu ar stair mhíleata agus thráchtála oileáin bheaga i bhfad i…

Nóinín agus Róllaí Póllaí

Léirmheas le Freda Ní Mhuileann Scéal deas spraoiúil atá sa leabhar seo agus sinn ar thóir cara beag Nóinín ar an lá speisialta sin, an chéad lá de Feabhra – tosach an Earraigh. Ní tasc gan stró atá ann, áfach agus buaileann Nóinín lena lán ainmhithe eile sula leagann sí a súil ar a gráinneog ghleoite,…

Píobaire Hamelin

Léirmheas le Bláithín Nic Cárthaigh Is scéal fantasaíochta dorcha é an scéal seo faoin bPíobaire Breac. Pléann an scéal leis  an méid a tharla do bhaile Hamelin nuair a tháinig an Píobaire chun deireadh a chur leis na francaigh a bhí ag milleadh an bhaile seo. Ach faraor ní hiad na francaigh an t-aon rud a…

Ruairí agus Úna san Ollmhargadh

Léirmheas le Conchúr Mac Crábhagáin Insíonn leabhar pictiúr Ní Ailpín scéal faoi Ruairí agus Úna agus iad ag cuidiú lena máthair an tsiopadóireacht a dhéanamh san ollmhargadh. Tosaíonn an scéal le hÚna ag spochadh as Ruairí mar go bhfuil sé ina shuí sa tralaí. Tugann Úna cuidiú dá mamaí na bananaí a mheá ach brúnn sí…

Saol an Mhadra Bháin

Léirmheas le Shannon Glenholmes B’fhéidir gurb é scéal “Saol an Mhadra Bháin” an leabhar páistí is cliste atá léite agam le déanaí. Déanann an scéal plé ar an gcúlú eacnamaíochta trí shúile páiste óg. Mar aon leis an díomá atá uirthi mar gur cuireadh a laethanta saoire go Nua Eabhrach ar ceal, tá uirthi déileáil le…

Siúlóid Bhreá

Léirmheas le hÚna Breathnach Tá Mamó ag crochadh  éadaí ar an líne agus tá Daideo ag cabhrú léi. Ag an am céanna tá Rex an madra ag cur cnáimhe sa talamh agus salachaíonn sé bráillín deas glan le láib. Tá Mamó cráite le Rex agus tógann Daideo Rex amach ar siúlóid é. Téann siad ar…

Tá Eagla ar Bhéar

Léirmheas le Esther Gobl Uí Nualláin Seo scéal aoibhinn do pháistí idir 5 bliana agus 7 mbliana faoi bhéar a théann ar strae agus é i lár na coille lá. A luaithe is a thosaíonn sé ag lorg an bhia, éiríonn stoirm fhíochmhar. Séideann gaoth láidir agus titeann an dorchadas timpeall air. Croitheann Béar leis an…

Thar an Trasnán

Léirmheas le Shane Donoghue Mura bhfuil ann sa scéal seo ach aon teachtaireacht amháin, is é sub gur gá duit na rudaí ar mian leat iad a roghnú go cúramach! Is é Eoghan an príomhcharachtar agus is iontach an t-iontas atá air nuair a thagann sé ar ghinid i seanchrúsca atá i gcupard a sheanmháthar. Bronnann…

Trupall Trapall

Léirmheas le Beití Ní Dhuibhir  Cnuasach rannta beaga  ón mbéaloideas do phaistí  roghnaithe agus maisithe ag Cliodhna Cussen atá sa leabhar seo, curtha i gcló den chéad uair i 1972. Rogha fhairsing rannta atá sa bhailiúcháin seo  ina bhfuil rannta  traidisiúnta mar shampla, Aon Dó Capall Bó agus Trupall Trapall le fáil ann. Thaitneodh na rannta…


1

X

By continuing to use the site, you agree to the use of cookies. more information

The cookie settings on this website are set to "allow cookies" to give you the best browsing experience possible. If you continue to use this website without changing your cookie settings or you click "Accept" below then you are consenting to this.

Close