Publisher:

Cló Iar-Chonnacht

AgMaisiú_DónalDána

Ag Maisiú Pheigí Pusach

Níl deireadh le diabhlaíocht Dhónall Dána! Insíonn an leabhar gearr seo eachtraí an bhuachalla óig agus é ag iarraidh airgead a charnadh. Tá bior ar a chluasa nuair a chéadchloiseann sé faoi ‘Nuamhaisiú’ a chur ar mhuintir na háite, agus níos tábhachtaí fós, an táille a íocfaidh siad leis as a chuid obair chruthaitheach. Téann Dónall agus Peigí in adharca a chéile ag iarraidh custaiméirí a mhealladh don ghnó luachmhar seo.

Book Cover - Sárú

Sárú

Leabhar den scoth is ea an scéal mistéireach seo, Sárú. Coinníonn sé tú ag smaoineamh agus ag tuar an t-am ar fad agus ní raibh mé in ann é a chur síos sular shroich mé deireadh na mistéire teicneolaíochta. Scéal nuálach é atá oiriúnach do pháiste nó do dhéagóir ar bith a thuigeann cé chomh héasca is atá sé a bheith gafa le cluiche idirlín.

Book Cover - An Seachtar Stuama - Déanaigí Deifir, a Sheachtair!

An Seachtar Stuama - Déanaigí Deifir, a Sheachtair!

Seo leabhar nua ón tsraith An Seachtar Stuama atá á seoladh ag Cló Iar-Chonnacht i mbliana. Sé leabhar ón tsraith cháiliúil seo le hEnid Blyton atá aistrithe go Gaeilge ag CIC anois. I Déanaigí Deifir, a Sheachtair! tá an Seachtar (deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre) ag teacht ó phicnic nuair a fheiceann siad fear ag titim óna rothar. Agus é ag fanacht ar otharcharr éiríonn leis teachtaireacht rúndiamhrach a thabhairt dóibh.