Publisher:

Futa Fata

Book Cover – Tic Teaic Tiú

Tic Teaic Tiú: Leabhar Fuaime

Is leabhar deas gleoite é Tic Teaic Tiú atá lán le rannta do pháistí ó thraidisiún na hÉireann. Tá sé amhrán ann ón mbunleagan, Gugalaí Gug, ach anois is féidir éisteacht leo trí chnaipí a bhrú sa leabhar fuaime seo, a bhuí le Futa fata. Tá sé lán go barr le léaraidí gléineacha agus fuaimeanna áille agus mholfainn go hard é do thuismitheoirí má tá páistí óga acu sa bhaile.

Book Cover – Heartstopper: Leabhar 3

Heartstopper: Leabhar 3

‘Níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna [fúmsa] … nó an mbraitheann?’ Sin an cheist atá ag déanamh tinnis do Charlie sa chéad leabhar Heartstopper. Ach tá deireadh le héiginnteacht agus le crá croí faoin tríú leabhar, más aon chomhartha an sliocht seo as dialann Nick: ‘is buachaillí muid go hoifigiúil agus is breá liom é sin a rá’.

Book Cover – Puisín na mBróg

Puisín na mBróg

Is deacair do bheatha a shaothrú agus tú ag brath ar phuisín – bhuel, mura bhfuil caint, gliceas agus buataisí breátha aige, cosúil le laoch an scéil seo! Leanann muid Cóilín agus a chara ar aistear aisteach agus iad sa tóir ar shaibhreas agus grá ach ní mór dúinn gan dearmad a dhéanamh go bhfuil Puisín na nBróg féin i gceannas ar na pleananna cliste a chuirtear i bhfeidhm.

Book Cover – Bearradh Gruaige d'Eoinín

Bearradh Gruaige d'Eoinín

Is minic a bhíonn drogall ar pháistí óga bearradh gruaige a fháil. Agus cén fáth nach mbeadh? Siosúr géar, trup millteanach ón triomadóir agus strainséir ag cur isteach ort le horduithe. Ach leis an leabhar beag gleoite seo, beidh tachráin ábalta cuairt a thabhairt ar an ghruagaire roimh ré in éineacht le mamaí nó daidí agus uainín cróga lomrach!

Book Cover - Heartstopper

Heartstopper: Leabhar 1

Teideal cáiliúil faoi bheirt bhuachaillí a chuireann aithne ar a chéile ar scoil agus a thugann faoi deara go bhfuil níos mó ná cairdeas ag fás eatarthu. Cuireann sé gliondar orm a leithéid de leabhar a fheiceáil ar fáil i nGaeilge – faoi dheireadh. Leabhar a léiríonn scéal simplí daonna agus clár ilghnéitheach carachtar. Léiríonn sé saol an déagóra sa lá inniu ar bhealach nádúrtha.

NA TRÍ MHUICÍN - COVER

Na Trí Mhuicín

‘Sean scéal agus meirg air’ a chloisim tú ag rá nuair a léann tú teideal an leabhair seo. Agus, ar dhóigheanna áirithe tá an ceart agat mar is annamh nach mbíonn eachtraí dána an mhic tíre ar eolas ag léitheoirí. Ach sa chás seo ní bheadh an ceart agat. Fiú má tá an bunscéal ar eolas agat, tá saothar ealaíne úr cruthaithe ag an údar agus an maisitheoir atá chomh bríomhar agus ildaite leis an chéad tuar ceatha i ndiaidh geimhridh fhada.

BÍ FIÁIN, A CHROÍ - Cover

Bí Fiáin, A Chroí

Aistriúchán é seo ar Be Wild, Little One, pictiúrleabhar mór le rá le Olivia Hope agus Daniel Egnéus. Tháinig sin amach i 2022 agus is iontach an rud é leagan Gaeilge a fheiceáil chomh luath seo ina dhiaidh.

Book Cover - Dog Man - Scaoilte Amach

Dog Man: Scaoilte Amach

Gabhann an leabhar ildaite seo greim ar an léitheoir ón tús – tá sé beomhar, greannmhar agus eachtrúil. Is é Dog Man an garda, laoch an scéil ar ndóigh. Tá corp fir air agus ceann madra. Dá bharr sin, tá buanna an fhir agus buanna an mhadra ag Dog Man, buanna atá de dhíth go géar chun dul i ngleic le piollaí cliste agus iasc beag an oilc, a iompaíonn ina strainséir aisteach.

Book Cover - Gealach agus Grian

Gealach agus Grian

Buailimid le Sol agus Lúna ag am dul a chodladh agus iad ag fanacht le scéalta difriúla a chloisteáil ó Mhamaí. Is cúpla iad atá an-éagsúil le chéile. Déanann Mamaí cinneadh scéal a léamh faoi bheirt eile. Níl cosúlacht dá laghad ag an mbeirt phríomhcharachtair, Grian agus Gealach, sa scéal a léann Mamaí dóibh.

Book Cover - An Mac Tíre Deireanach

An Mac Tíre Deireanach

Is scéal dóchasach é ‘An Mac Tíre Deireanach’ faoi chrógacht, caillteanas, agus tábhacht an teaghlaigh. Mealann a chlúdach álainn, maisithe ag Lauren O’Neill, an léitheoir isteach sula n-osclaítear an chéad leathanach fiú. Insíonn an scéal cumhachtach seo aistear Úna agus a hiarracht an mac tíre deireanach in Éirinn a shábháil in 1652.