Publisher:

LeabhairCOMHAR

Book Cover – Inis Mara 3

Inis Mara 3

Seo againn arís Éabha, laoch óg de bhunadh Inis Mara, agus í ag dul i ngleic le tubaiste mhillteanach eile. Cé go bhfuil seantaithí aici ar na bithiúnaigh santacha atá i ndiaidh theacht i dtír, beidh dúshlán roimpi stad a chur lena gcuid scéiméireachta. Ach nuair atá d’oileán, do mhuintir agus do phobal faoi bhagairt ag bithiúnaigh shantacha, nach í Éabha féin an cailín is fearr leis an dúshlán céanna a shárú!

Book Cover – Katie agus an Pacáiste Rúnda

Katie agus an Pacáiste Rúnda

Is úrscéal taitneamhach é seo faoi chailín óg, Katie, atá go huile is go hiomlán gafa leis an mbleachtaireacht. Lá amháin, is cuairt á thabhairt ag a clann ar theach a Daideo, téann pacáiste leis ar iarraidh. In imeacht an úrscéil cuirimid aithne ar Katie agus a cairde is iad I mbun bleachtaireachta. Is cailín fiosrach í Katie agus is minic nach mbíonn mórán measa aici ar phríobháideachas na ndaoine mórthimpeall uirthi! É sin ráite, is léir gurb é an ceartas an cloch is mó ar a paidrín agus mar sin gabhaimid leithscéal léi as ucht a drochthréithe.

Book Cover – Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe

Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe

Is déagóir í Emily atá ocht mbliana déag d’aois agus faighimid léargas sa leabhar seo ar a saol agus na deacrachtaí a bhaineann leis an óige. Cuirtear béim ar na hathruithe móra a tharlaíonn i saol an duine óig le linn an idirthréimhse dúshlánach sin.

Oiche Shamhna - Cover

Oíche Shamhna

Rachaidh léitheoirí ar thuras draíochtúil ar Oíche Shamhna leis an dán gutha tarraingteach seo.

Book Cover - Deargadh Anoir

Deargadh Anoir

Leabhar é seo nach gcuirtear fiacail ann faoi uafáis an chogaidh. Nuair a ghabhtar Alejo den chéad uair, feiceann sé “na saighdiúirí ag dul [i measc na bpríosúnach] … na léinte á dtarraingt díobh le feiceáil an raibh ball gorm ar a nguaillí ó bheith ag scaoileadh raidhfilí. Ba leor an ball gorm le duine a dhaoradh chun báis.”

Book Cover - Am Amú

Am Amú

Tá Genius ina chónaí ar an taobh lag bocht den chathair, áit a gcuirtear na healaíontóirí. Tá na daoine a bhíonn ag obair ó dhubh go dubh ina gcónaí ar an taobh láidir saibhir. Tá tuismitheoirí Genius gafa sa daingean ag na cráiteoirí go dtí go gcaithfidh siad na healaíona i dtraipisí, agus ansin scaoilfear saor iad go dtí an taobh láidir. Conas is féidir le Genius an ceann is fearr a fháil ar na cráiteoirí agus a thuismitheoirí a fhuascailt?

Book Cover - An Snag Breac Ildaite

An Snag Breac Ildaite

Seo scéal gleoite ina ndéantar iniúchadh ar dhathanna an dúlra agus ina gcuirtear béim ar choincheap na féinmhuiníne. Foghlaimíonn an snag breac, le cabhair an ulchabháin chríonna, nach bhfuil sé chomh leamh agus a cheapann sé: faoi sholas na gréine níl aon amhras ach go bhfuil sé chomh hálainn ildaite le créatúir eile na foraoise.

Book Cover - Inis Mara

Inis Mara

Seo scéal Éabha, cailín óg atá ina cónaí ar oileán Inis Mara agus na heachtraí a thiteann amach tar éis do cheannaire nua bheith roghnaithe le bheith i gceannas ar an oileán. Faraor is duine santach é an ceannaire nua, agus in ainneoin go ndeir sé go bhfuil sé ag obair ar son an phobail, is a mhalairt atá fíor. Is cailín neamhspléach agus éirimiúil í Éabha agus is faoi Éabha atá sé drochghníomhaíochtaí an cheannaire a thabhairt chun solais agus teacht i gcabhair ar mhuintir an oileáin, agus iad a spreagadh le hobair le chéile.

Book Cover - Fileánfál

Fileánfál

‘Is mise Fileánfál. Ní deamhan mé, ní aingeal mé, tuigfidh tú sin roimh dheireadh an lae.’ Trí scéal fantaisíochta atá sa leabhar Fileánfál le Pól Ó Cainín. Tá cuma bhuachaill óig ar Fhileánfál ach, i ndairíre, ní duine daonna é in aon chor, ach neach de chineál eile atá chomh sean leis an gceo. Tá sé ann le trioblóid a chothú dóibh siúd a dhéanann éagóir ar dhaoine óga. Iompaíonn sé an phian a chruthaíonn bulaí ar ais ar an mbulaí féin le ceacht a mhúineadh dó.

Book Cover - Dialann Emily Porter: An Jailtacht

Dialann Emily Porter: An Jailtacht

Éiríonn go sármhaith le Richie Conroy samhlaíocht an léitheora a mhúscailt san úrscéal seo. Sníomhtar téamaí uilíocha le chéile sa chuntas dialainne seo ar nós saol an teaghlaigh, daoine óga, cairdeas agus grá. Tugtar léargas ar shaol an déagóra, ag féachaint siar ar bhóithrín na smaointe.