Publisher:

An tSnathaid Mhór

Cover Book - Muireann agus an Dianghlasáil

Muireann agus an Dianghlasáil

Leabhar croíúil, tuisnceanach é Muireann agus an Dianghlasáil, a léiríonn scéal an chailín óig, Muireann. Cónaíonn Muireann ar oileán iargúlta amach ó chósta na mórthíre, lena teaghlach, lena comharsana is lena cairde. Chum Malachy Doyle ‘Muireann agus an Dianghlasáil,’ maisithe go gleoite ag Andrew Whitson agus aistrithe go Gaeilge ag Máire Zepf.

Book Cover - Muireann agus an Teach Solais

Muireann agus an Teach Solais

Seo an tríú leabhar i sraith Mhuireann, atá cruthaithe ag Malachy Doyle i gcomhpháirt leis an mhaisitheoir Andrew Whitson. Tugann an tsraith trí chéile léargas iontach ar shaol an oileáin agus tá cuntas an-deas sa leabhar seo ar thábhacht an tí solais don phobal cois cósta.

Book Cover - Jimín Mháire Thaidhg

Jimín Mháire Thaidhg

Bhí mé naoi mbliana d’aois nuair a léigh mé Jimín Mháire Thaidhg den chéad uair. Bhí mé i Rang 4 i mbunscoil bheag tuaithe. Bhí mé féin agus daltaí eile Rang ceithre in ainm is a bheith ag déanamh ár gcuid oibre féin. Ní raibh focal á scríobh ag aon duine againn, áfach, ach muid ar bís le cloisteáil faoi eachtraí Jimín agus an leabhar á léamh os ard ag Rang 6. Ní shásódh rud ar bith mé féin ach cóip mo dheirféar a léamh sa bhaile.