Ailfí agus an Vaimpír

Leabhar den scoth is ea an leabhar úrnua
seo atá curtha faoin ár mbráid ag Orna Ní Choileáin, scríbhneoir an cnuasaigh gearrscéalta Canary Wharf a foilsíodh i 2009. Bhain mé fíor- shult agus taitneamh as an leabhar corraitheach seo agus mé ag leanúint turais Ailfí agus an vaimpír Marius agus iad ar thóir chónra! Mar
is eol do chách, tá suim ollmhór ag páistí an
lae inniu i saol na vaimpírí agus is meascán
den leabhar Dracula agus an tsraith Twilight le Stephenie Meyer atá sa leabhar seo, dar liom, ach le casadh greannmhar.

Is saothar fíor-oiriúnach do dhéagóirí
atá ann agus is minic a déantar tagairtí do théarmaíocht an-nua-aimseartha, mar shampla, an iPad, Facebook agus tae luibhe! Cuirtear Gaeilge soléite ós ar gcomhair agus is iontach áisiúil an gluais atá ar fáil ag deireadh an leabhair. Thaitin an clúdach go mór liom chomh maith le leagan amach agus stíl na clóscríbhneoireachta.

Luaigh mé cheana féin go bhfuil greann
ag baint leis an scéal seo agus is cinnte gurb é seo ceann de na buanna is mó atá ag baint leis. Seachas dúil san fhuil a bheith ag an Vaimpír áirithe seo, rollóga figí is mó a bhfaigheann sé blas orthu. Is mór an sásamh a fuair mé as críoch an scéil; críoch nach mbeifí ag súil leis. Is breá le páistí sraitheanna scéalta agus a bheith ag tnúth leis an gcéad ceann eile. Mar sin, bhí áthas orm
a léamh go leanfar den sraith seo sa todhchaí. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé féin ag tnúth go mór leo chomh maith.