Amelia Earhart

Leabhar eolais bunaithe ar éachtaí Amelia Earhart atá sa leabhar seo agus is mór an t-eolas atá ann fúithi. Tugtar an scéal ar fad dúinn, ón am a rugadh í go dtí an glaoch deireanach sin agus í ag lorg cabhrach. Ina theannta sin, tá amlíne curtha le chéile a chuireann firicí maidir le héachtaí eitilte na mban ó 1908 go dtí 1991 in iúl dúinn.

Téama iontach atá ann a bheadh ina inspioráid do pháistí agus do dhéagóirí araon. Cailín díograiseach stuama a bhí in Amelia Earhart agus í i gcónaí ag iarraidh an chéad dúshlán eile a ghlacadh.

Aistriúchán iontach atá ann, aistrithe ag leibhéal fíoroiriúnach do pháistí. Ghaeilge dheas chruinn sholéite atá ann nach mbeadh ina bacainn do na léitheoirí óga.

An t-aon ghearán atá agam faoin leabhar seo ná nár thaitin leagan amach an leabhair rómhór liom. Measaim go bhfuil an iomarca ar aon leathanach amháin, idir scríbhneoireacht agus ghrianghraif, agus cheap mé gur cur isteach ar an léitheoireacht a bhí ann uaireanta.

Mistéir atá ann cinnte agus sinn fós dall faoin méid a tharla d’Amelia Earhart tar éis na scairte cráite sin agus í i dtrioblóid. Is deas an rud é an leabhar seo a léamh, áfach, chun an t-eolas atá ar fáil a fhoghlaim agus do thuairimí féin a chur le chéile ansin. Thabharfadh a cuid éachtaí misneach d’éinne; ba mhór an bhanloach a bhí inti agus is fiú a scéal a léamh.