An Garbhán Óg

Tá an scéal faoin nGarbhán ar eolas ag gach páiste ach anois cásann muid leis an nGarbhán Óg. Tá athrú tagtha ar an scéal anois agus cloisimid ón nGarbhán faoin ‘Luch Mhór’ atá scanrúil agus dáinséireach. Ach i lár na hoíche, fágann an Garbhán Óg chun an lúch mhór ghránna a lorg.

Téann muid ar thuras leis an nGarbhán Óg agus í ag buaileadh leis na carachtair éagsula. Diaidh ar ndiadh feicimid go bhfuil na caractair uilig cosúil leis an luch ar bhealach éigin. Sa deireadh thiar thall tagann an Garbhán Óg fhad leis an luchóg cliste. Cuireann na pictiúir in iúl dúinn cé chomh cliste agus atá an luch beag seo agus feiceann muid an Garbhán Óg ag rith abhaile ar luas lásrach. Sa bhaile, tá an Garbhán ag srannadh go fóill.

Is scéal deas é seo fá choinne páistí óga. Beidh siad in ann foghlaim conas cur síos a dhéanamh ar ainmhí éagsula agus na tréithe atá acu. Is leagan Gaeilge iontach é seo den scéal cailiúil agus bainfidh páistí, a dtuismitheoirí/caomhnóirí agus muinteoirí taitneamh as a bheith á léamh le chéile.