An Tolg Draíochta

Tá an teaghlach sa scéal seo tar éis tolg nua a fháil. Nuair a thosaíonn an cailín óg sa chlann ag cuardach ar a chúl is iomaí rud éagsúla a fhaigheann sí i bhfolach ann. Is léir go raibh an tolg seo ag duine éigin eile cheana ach cé a bhí ann? Banphrionsa álainn? Sárlaoch spóirt? Tá an bleachtaire beag sa scéal ar thóir na fírinne!

Is leabhar pictiúr lándaite An Tolg Draíochta, scríofa ag Carmel Uí Cheallaigh agus maisithe ag Jimmy Burns. Cé go bhfuil an scéal é féin deas simplí, tá foclóir dúshlánach ann do pháistí óga. Dá bhrí sin bhainfeadh páistí an tairbhe agus an spreagadh is mó as an leabhar agus é léite os ard dóibh. Tá léaráidí Burns geal agus mionsonraithe. D’fhéadfadh na sonraí uile cabhrú le tuiscint na Gaeilge i measc páistí óga agus iad a spreagadh chun cainte. In amanna, faraor, tá an baol ann go dtabharfar an iomarca leis na léaráidí agus go gcaillfear an draíocht a bhaineann leis an scéal álainn seo agus na féidearthachtaí samhlaíochta a bhaineann le ceird an leabhair phictiúr de ghnáth.

Bheadh an leabhar seo oiriúnach do lucht labhartha na Gaeilge agus do mhúinteoirí agus páistí Ranganna 1 agus 2 i nGaelscoileanna.