Asterix Gliaire

Bhí an scéal ‘Asterix Gliaire’ foilsithe i 1962 mar shraith san irisleabhar ghreannán Pilote. Ansin d’fhoilsigh siad an scéal go hiomlán sa leabhar Asterix Gladiateur i 1964.

Is máistrí iad Goscinny agus Uderzo. Bhí siad ag obair ar scéalta Asterix go seachtainiúil (3 nó 5 leathanach) i Pilote. Bhí orthu rud a tharla do na Gallaigh a chumadh gach seachtain. Mar sin, tá na leabhair Asterix plódaithe le radhairc bhríomhara, tíortha coimhthíocha, fo-phlotaí seafóideacha, a lán carachtar éagsúla siamsúla agus scéalta grinn. Anois tá Asterix Gliaire aistrithe ag Antain Mac Lochlainn do na léitheoirí Gaelacha.

Tá an scéal seo faoin bhfuadach Dándírix, an file ón sráidbhaile Gallach. Tá sé faoi ghlas sa Róimh. Beidh sé ite ag leoin má theipeann ar Asterix agus Obelix é a shaoradh.

Bhí mé ag gáire os ard nuair a bhí Obelix ag cruinniú clogad, ar an mí-ádh ar na foghlaithe mara, ar na míthuiscintí ar nósanna na háite nuair a bhíonn Asterix agus Obelix ag dul timpeall na Róimhe. Ní bhíonn an t-am ag an léitheoir chun anáil a tharraingt ach chun gáire.

Is iontach Asterix Gliaire a léamh i nGaeilge. Tá Asterix i dTír na Sasanach ar fáil chomh maith. Tá na scéalta oiriúnach do dhaoine óga ach nuair a bhíonn rud chomh maith le hAsterix le fáil is cuma liom cén aois atá tú.