Cad a Tharla don Eolaí Óg?

This review is an extract from Inis, issue 35:

Is scéal deas simplí é an scéal seo, Cad a Tharla don Eolaí Óg? Is é príomhaidhm an phríomhcharachtar ná eolaí óg na bliana a bhaint amach agus cloígheann an t-údar leis an téama seo ó thús go deireadh an scéil. Tá idir scéal deas agus pictiúir oiriúnacha curtha ós ár gcomhair agus Gaeilge mhaith sholéite leis a thugann deis don léitheoir óg an scéal a ghlacadh gan stró.

Tríd an scéil tá téama na bulaíochta le feiceáil go láidir. Measaim féin gurb é seo ceann de na buanna is mó atá ag an leabhar seo. Cuireann an t-údar in iúl dúinn gurb é an t-éad ba chúis leis an mbulaíocht seo agus is míniú iontach é seo d’aon pháiste atá ag iomrascáil leis an bhfadhb seo.

Ceann de na buanna eile atá ag an leabhar seo ná gur gnáthbhuachaill atá curtha ós ár gcomhair. Imríonn sé peil, bíonn a éadaí salach agus is rud mór dó éirí as an leaba ar maidin. Tá sé iontach soiléir ó na tréithe seo gur fíor- ghnáthbhuachaill atá ann agus mar sin ceapaim go bhfuil sé an-éasca do pháistí tuiscint dó.

Cé gur scéal iontach deas atá ann, cheap mé féin, áfach, go raibh sé beagánín dochreidte in áiteanna áirithe. Cé gur smaoineamh maith a bhí ann sa tionscnaimh nua a chruthaigh an buachaill óg, is é mo thuairim nach ndearna an t-údar go leor réamhobair chun atmaisféar sochreidte a chruthú dúinn. Is breá le páistí scéalta fantasaíochta ach é sin ráite ní cheapaim go gcreidfidís i ngach uile rud a chuirtear ós a gcomhair. Caithfidh an scéal a bheith scríofa i stíl agus atmaisféar inglactha, sochreidte ó thús go deireadh agus measaim féin, sa chás seo, nach raibh sé sin ann go huile is go hiomlán.
Má ghlacaimid leis an ngné draíochta seo, áfach, is leabhar álainn greannmhar é a spreagann an gáire ionat anois is arís agus tú ag léamh. Is ceangal iontach de seo na pictiúir sa leabhar a bhfuil an greann léirithe go soiléir iontu.

Ceapaim féin go mbeadh na léitheoirí óga ag tnúth go mór leis an gcéad pictiúr eile agus cabhraíonn siad go mór le dul chun cinn agus gluaiseacht an scéil.
Mar a dúirt mé cheana féin, is leabhar deas simpí é an leabhar seo. Dúirt mé chomh maith go bhfuil sé beagánín dochreidte in áiteanna agus ag smaoineamh ar mo rang 5 agus rang 6 féin, measaim go mbeadh sé deacair dóibh an coincheap seo a chreidiúint sa lá atá inniu ann nuair a smaoiním ar na rudaí a fheiceann siad ar an teilifís faoi láthair agus ar na leabhair eile atá á léamh acu. Ceapaim go mbeadh an leabhar an-spéisiúil do pháistí suas go dtí deich mbliana d’aois. Ach ag deireadh an lae is leabhar deas taitneamhach atá againn agus áis mhaith foghlama Gaeilge eile le cur ar an seilf.