Cogito

Nuair a bhogann cailín óg go dtí áit aisteach nua, tugann sí faoi deara go bhfuil a scáth ar iarraidh. Tumann sí í féin isteach in áit atá rúnd dhraíochta chun a scáth a aimsiú – a samhlaíocht…

Is leabhar fíorálainn é Cogito a insíonn an eachtraí an chailín óig a léimeann isteach i ndomhan na sióg. Tá na léaráidí sa leabhar seo go hiontach, tá meascán álainn de shióga agus d’íomhánna dorcha a tharraingíonn an léitheoir isteach i samhlaíocht an charachtair seo. Tá an mioneolas sna pictiúir an-suntasach mar go dtugann sé blas osréalaí don scéal.

Nascann an t-údar scéalta traidisiúnta na hÉireann, scéalta lán de shióga, le suíomh comhaimseartha uirbeach. Is mhíbhuntaiste é, áfach, mar tá an plota an-chasta in amanna cé go bhfuil na focail simplí. Tá tagairtí do ráitis fealsúnachta, amhail “Cogito ergo sum”, agus baineann na húdair úsáid as an scáth mar mheafar don anam, a fhéadfaidh a bheith caillte ar léitheoirí óga, dar liom. Da bhrí sin, tá an leabhar seo oiriúnach do páistí 10-12 bliain d’aois, cé go bhfuil seans ann go mbainfidh daoine fásta tuilleadh brí agus taitnimh as ábhar an scéil.

Is sórt ficsean-fantaisíocht atá sa leabhar seo, seánra neamhghnách i litríocht Ghaeilge na n-óg, ach tá neart ábhar machnaimh ann freisin chun goile samhlaíochta an léitheora fásta a shásamh.

Éistigí leis an scéal seo ar Youtube anseo.