Is geal liom sibh go léir

Léirmheas le Conchúr Mac Crábhagáin

Insíonn Sam Mc Brearty dúinn faoi trí bhéirín agus an imní atá orthu. Síleann siad uile go gceapann a Mamaí agus a nDaidí go bhfuil an dá bhéar eile níos fearr. Tá jab ag Mamaí agus Daidí Béar a mhíniú dóibh gur geal leo iad go léir. Is cuma le Mamaí agus Daidí Béar má tá spotaí orthu nó nach bhfuil, má tá siad ina mbuachaillí nó ina gcailíní, nó má tá siad beag nó mór. Nuair a fhaigheann na trí bhéirín an freagra téann siad a choladh go sámh.

Ní scéal breac le casadh agus corr é. Ach déanann an scéal seo rud éigin eile, léiríonn sé don lucht léitheoireachta grá neamhchoinníollach an tuismitheora.

Is scéal deas simplí é seo agus cuidíonn na pictiúir go mór leis an tsimplíocht seo a chruthú. Úsáideann an maisitheoir dathanna agus línte boga chun cur leis an suaimhneas.

Tá fiosracht an naíonáin ina croílár sa leabhar seo. Cuireann na béiríní ceisteanna orthu féin agus ar a Mamaí agus a nDaidí agus ní hamháin sin, ach tá siad ag iarraidh a fháil amach cá bhfios dóibh na freagraí. D’oirfeadh an scéal álainn do pháistí agus iad ag dul a chodladh san oíche.