Lá Breithe Chití

Léirmheas le Freda Ní Mhuilleann

Cailleach, cóisir, draíocht agus cat dubh; tá gach uile saghas rud i gceist leis an leabhar iontach seo agus ní mór dom a rá gur leabhar den scoth atá ann. Bhí mé féin tógtha leis tar éis an blurba féin a léamh agus an clúdach a fheiceáil.

Scéal álainn taitneamhach greannmhar a chuirtear os ár gcomhair agus Cití Cailleach ag iarraidh a cóisir breithe a ullmhú. Ach mar is eol do chách, is cuma an méid ullmhúcháin atá déanta roimh chóisir ar bith, bíonn fadhb ann i gcónaí. Is mar sin a bhíonn an scéal do Chití bhocht chomh maith.

Thaitin struchtúr an scéil go mór liom agus an phleanáil ar fad á dhéanamh ag Cití. Déanann sí rud éigin difriúil gach lá sna laethanta roimh an gcóisir agus d’fhéadfá an méid sin ceachtanna agus tascanna a chur le chéile bunaithe air seo; laethanta na seachtaine agus eachtraí a chur in ord ina measc.

Ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ar na pictiúir ar ndóigh, iad chomh tarraingteach mealltach sin. Tá scil faoi leith ag Korky Paul agus d’éirigh leis gach uile phictiúr a mhaisiú go mion – d’fhéadfá seal a chaitheamh ag féachaint ar gach íomha, tá an méid sin le scrúdú ann. Ba é an rud ba mhó a thaitin le mo rang féin, Naíonáin Mhóra agus sinn i mbun léitheoireachta, ná an cáca ollmhór a thagann amach i lár an leabhair. Bhí siad ar bís ar fad ag iarraidh gach píosa den cháca a thomhas.

Tugaim deich as a deich don leabhar álainn seo agus is é an buntáiste eile a bhaineann leis ná go bhfuil ceithre leabhar eile sa tsraith. Tá sé ráite ar chlúdach an leabhair go bhfuil os cionn dhá mhilliún den leabhar díolta go dtí seo agus caithfidh me a rá nach aon ionadh é.