Mise Agus an Dragún

Scéal álainn is ea Mise agus an Dragún ina bhfeicimid na heachtraí samhlaíocha a bhíonn ag béirín beag. Oíche amháin, agus é ag dul a chodladh, labhraíonn sé linn faoin méid a tharlóidh “nuair a bheidh mise mór”! Den chuid is mó, tá na heachtraí seo bunaithe ar na carachtair atá ar a dhuivé agus ar na bréagáin atá caite thart timpeall ina sheomra leapa. Scéal deas is ea Mise agus an Dragún – muid in éineacht leis an mbéirín i ndorchadas an fhorais, ar bharr na gcrann, ag eitilt tríd an spéir ar dhragún, agus malairt ghasta slí tríd an spás sula sroicheann muid sábháilteacht an tseomra leapa arís. Cé go mbíonn oíche iontach ag an mbéirín, is léir go mbíonn eagla agus amhras air uaireanta. Is tréith dheas é seo agus beidh páistí óga in ann ionbhá a dhéanamh leis an mbéirín. Léiríonn an scéal an bealach ina mbíonn páistí chomh neamhspleách, eachtrúil agus tógtha ar thaobh amháin, ach uaireanta go mbíonn eagla agus faitíos orthu roimh rudaí nua.

Tá léaráidí iontacha déanta ag Steve Simpson sa leabhar seo. Déanann sé an-jab ag léiriú mhothúchán an bhéirín nuair a bhíonn eagla nó sceitimíní air. Tá na súile donna chomh gleoite freisin! Beidh cúpla sonra i bhfolach nach bhfeicfidh na daoine fásta agus iad ag léamh – ach beidh an-sult ag na páistí agus iad ag breathnú orthu.

Is scéal álainn, le léaráidí den scoth, é Mise agus an Dragún, a thaitneodh le páistí idir 5-7 bliana d’aois.