Rita Agua An Dragún

An rud ba mhó ar mhaith le Rita ná dragún mar chara agus mar chomrádaí saoil aici. Éiríonn sí feargach ó am go chéile agus tá a fhios aici gurb amhlaidh an scéal a bheadh ag dragún agus go dtuigfeadh an dragún a cuid feirge.

Is scéal é seo ina samhlaíonn príomhcharachtar an scéil, cailín óg darb ainm Rita, saol eile ar fad ina n-éalódh sí i bhfad i gcéin le cara nua, dragún ollmhór dearg, agus go gcuideodh siad lena chéile bheith socair agus suaimhneach! Tá an leabhar seo lán le spraoi agus eachtraíocht ó thús deiridh. Bheadh sé in oiriúint do pháiste a dtaitníonn eachtraíocht, an dúlra agus ainmhithe leo! Tá an leabhar lán le léaráidí áille ildaite – de bhladhmanna móra oráiste an dragúin, sneachta geal bán an gheimhridh agus gainní dearga an dragúin. Tá sé deascríofa agus tá foclaíocht shimplí, soiléir ann do pháistí atá i mbun léitheoireachta den chéad uair. Taitneoidh an scéal iontach agus na pictiúir aoibhne sa leabhar seo le páiste ar bith – ach go háirithe le páistí a bhfuil samhlaíocht mhór acu agus fonn eachtraíochta orthu. Éist le Rita agus lena dragún nuair a scaoileann siad Rárrr!