Spéirling

Cairde ab ea Liosa agus Manon. Páistí aonaracha an bheirt acu agus cónaí orthu in aice a chéile ar oileán Arúba sa Mhuir Chairib. Bhi spéis acu sa chadhcáil. Lá amháin agus iad amuigh ar an bhfarraige chonaic siad rud aisteach san uisce. Cailín a bhi ann ach ni ghnáth chailín í. Spéirling ab ainm dí. Siar in 1836 tháinig strainséir chun  oileán Arúba.  Tá an dá scéal fite fúite tríd an leabhar. Ní fheadair an bhfuil ceangal eatarthu?

Tá deacracht mhór ag baint leis an leabhar seo. Téama simpli atá ann ach foclóir an deachair agus casta atá ann. Tá gluais ghearr  ar chúl an leabhair ach níl leath de na focail neamhghnách ann. Níl chuid den na focail sa ghnáth foclóir fiú. De réir cosúlachta chuaigh an t-údar as a slí chun focail an nua aimseartha a úsáid. B’fhéidir gur cheap sí go meallfadh na focail nua seo léitheoirí chun an leabhar a léamh. A mhalairt a tharlóidh toisc nach mbeidh a lán de na focail ar eolas acu.

Caithfidh gach teanga foirbairt nuair a cruthaitear focail nua ach ni gá an teanga a athrú sa chuí is nach féidir í a léamh.

Cad is bri le “Tvuit” ? is dócha gur tweet atá i gceist. Nó an ea? Bheadh léitheoiri áirithe in ann míniú na bhfocal a aimsiú ón gcomhthéacs ina bhfuil na focail. Mar shampla “féinphic”, “stainnin ceibeab”agus “jíons” Úsáidtear “Heileo” in ionad Dia duit agus “cuinin” in ionad srón. Tá sé cinnte go mbeadh Dia duit agus srón ag nach mór gach léitheoir.

I mo thuairim féin, bheadh gnáth fhoclóir nios fusa agus nios oiriúnaí don ghnáth léitheoir.