Reviewer:

Claire Marie Dunne

Cogito

Cogito

An bhfuil tú go cinnte anseo? Sin an cheist mhór fealsúnachta a chuirtear roimh an gcailín óg ag tús an scéil, ceist a spreagann a haistear ó leathanach go leathanach. Dá bharr, téann an príomhcharachtar sa tóir ar chuid thábhachtach di: a scáil atá ar iarraidh.

The Song of Brigids Cloak - book cover

The Song of Brigid's Cloak

St. Brigid and her cloak is familiar tale to many, but this new version is a feast for the eyes and ears! Written in rhyme, young readers can enjoy the lyrical lines on each page. Brigid’s quest to build a church for her fellow people is initially met with disgust, and the furrowed brows and angry face of the King of Leinster. Resourceful as ever, Brigid hatches a clever plan to gain the land she needs. With the help of her trusty friends, each takes a corner of her cloak and runs north, south, east or west. The reader watches as the cloak covers more and more land.

Book Cover - GÁIRDÍN MHÁIRE NA mBLÁTH

Gáirdín Mháire na mBlath

Scéal álainn faoin gcaidreamh idirghlúine a thagann faoi bhláth nuair a chuireann Máire na mBláth aithne ar phobal na scoile áitiúla. Mar a thuigfeá óna hainm féin, is garraíodóir den scoth í agus tá cáil uirthi agus ar a gairdín ildaite bláthanna fud fad an pharóiste. Ach tá gairdín na scoile áitiúla chomh lom le fásach. Le teann misnigh, téann Máire agus a cat Seamair chuig doras an phríomhoide.

Book Cover - Gugalaí Gug

Gugalaí Gug! Eagrán Céiliúrtha 10 Mbliana

Ó céadeisíodh Gugalaí Gug sa bhliain 2005, tá páistí na tíre ag spalpadh rannta Gaeilge agus ag dul i dtaithí ar rithim agus cheol na Gaeilge. Os cionn deich mbliana ina dhiaidh sin, agus eagrán nua den chnuasach curtha ar fáil do pháistí an 21ú haois, níor maolaíodh ar an gcíocras cainte agus canta. Díríonn an cnuasach seo isteach ar rannta traidisiúnta Chonamara a bailíodh ó mhuintir na háite, rannta a bhí ar bhéal na sleachta romhainn ach a gcuirfidh glúin óg an lae inniu spéis iontu.

Book Cover -Mo Chuid Amhráin Ghaeilge

Mo Chuid Amhráin Ghaeilge

Is cnuasach beag d’amhráin thraidisiúnta na Gaeilge atá curtha le chéile in Mo Chuid Amhráin Ghaeilge. Tá sé amhrán roghnaithe a mbeidh cuimhne ag an léitheoir fásta orthu óna laethanta scoile, idir Bháidín Fheilimí, Óró sé do bheatha ‘bhaile, Pheigín Leitir Mór, Níl sé ina lá, Dúlamán, agus Éireoidh mé ar maidin.

Book Cover - Scúnc agus Smúirín

Scúnc agus Smúirín

Scéal céadfach atá i Scúnc agus Smúirín agus fiú ón teideal tuigeann an léitheoir ní amháin go mbeidh an leabhar á léamh, ach á bholadh aige freisin. Díríonn na heachtraí ar an gcion atá ag an bpríomhcharachtar ar bholadh speisialta an teidí is ansa leis.

Book Cover - Mo Theachín Gan Chuma Gan Chaoi

Mo Theachín Gan Chuma Gan Chaoi

Cuirfidh léitheoirí fáilte roimh an leagan Gaeilge seo den leabhar spleodrach A Squash and a Squeeze a scríobh Julia Donaldson. Mar is dual do Donaldson tá scéal breá spraíúil ann do pháistí óga. Tá go leor aithrise ann agus beidh an duine óg in ann é a léamh i gcomhar leis an duine fásta. Críochnaíonn an scéal le ceacht - cé go mbíonn sí ag gearán faoin áit i dtús báire ceal spáis, ní fada go dtuigeann sí go bhféadfadh cúrsaí a bheith níos measa agus slua ainmhithe sa mhullach ar a chéile ann.

Book Cover - Muireann Agus An Fharraige Fhiáin

Muireann Agus An Fharraige Fhiáin

Ón gcéad amharc ar an gclúdach, feicimid an príomhcharachtar ina seasamh go leochaileach agus greim docht aici ar a bábóg Nóra, agus an loicéad ag gobadh amach taobh thiar di; tuigimid tábhacht na n-earraí beaga seo de réir mar a insítear an scéal.

Book Cover - Rita agus an Róbat

Rita agus an Róbat

Laistigh den chlúdach crua seo, gheobhaidh tú scéal simplí ar chailín nach dtaitníonn cúrsaí glantacháin go rómhór léi. Mar mhacalla ar a soineantacht aoise tá bundathanna mar chúlra ar fhormhór na leathanach. Sna léaráidí feicimid meascán d’fhíor-earraí tréthoiseacha agus léaráidí ildaite, rud a léiríonn an trasnú idir samhlaíocht an pháiste atá ag brionglóideach faoi róbat a chabhróidh léi an seomra leapa a chur ina ceart, agus an fíorshaol leis na bréagáin agus giuirléidí áirithe a chaithfidh sí glanadh suas.

Book Cover - Danny, Seaimpín an Domhain

Danny, Seaimpín an Domhain

Agus Roald Dahl ar cheann de na húdair ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar pháistí óga, is maith an scéal é go bhfuil fáil ag léitheoirí Gaeilge anois ar cheann dá leabhar is cáiliúla. Beidh an bunscéal ar eolas ag go leor daoine cheana féin, scéal a phléann le heachtraí diabhlaíochta a thiteann amach nuair a thagann mac ar an eolas faoi chaitheamh aimsire rúnda atá ag a athair.