Reviewer:

Joe Ó Ceallaigh

Book Cover - Dog Man

Dog Man

Tá plean ag an gcoirpeach glic Páidí an Cat fáil réidh leis an mbagairt ó na póilíní. Ach tá lúb ar lár sa scéim cham seo agus d’ainneoin a iarrachtaí lofa, cruthaíonn sé an garda is fearr ar domhan – Dog Man! Le corp láidir an duine agus intinn éirimiúil an mhadra, caithfidh Páidí dána agus na coirpigh eile a bheith ar a n-airdeall agus Dog Man ar a dtóir san úrscéal grafach seo.

Book Cover - Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile

Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile

Sa chnuasach dánta seo do pháistí, cuireann an file mór le rá Gabriel Rosenstock réimse mór de charachtair dhána, aisteacha os ár gcomhair. Chomh maith leis na púcaí mistiúla ón teideal, buailtear le heachtrán ocrach, cangarú caillte agus damhán alla scanraithe. Bainfidh éisteoirí óga sult as an rím agus an t-athrá fuaime agus is mór an acmhainn don léitheoir go bhfuil gach dán nasctha le taifeadadh d’athrá proifisiúnta.

Book Cover - Cá Bhfuil Conall Coinín?

Cá Bhfuil Conall Coinín?

Sa leabhar gairid, gleoite seo, tá coinín beag imithe i bhfolach i measc na mbláthanna agus na gcrann. Tugann muid faoi deara go luath nach mbeidh sé éasca teacht air mar gheall ar dhuaithníocht nádúrtha na n-ainmhithe a chónaíonn inár measc. An é sin a chosa ag gobadh amach ón sceach nó an iad seo sciatháin éin atá ann? Rachaidh tú sa tóir ar Chonall beag ach caithfidh súil ghéar a bheidh ort!