Reviewer:

Julie Anne de Brún

Eachtra_dluthchara

Eachtra Dlúthchara

Sa chúigiú leabhar sa tsraith Dialann Dúradáin, leanaimid Greg Heffley arís. Ach an uair seo, scéal taobh istigh de scéal atá ann, agus tá an scéal seo scríofa ag Rowley Jefferson le moltaí cabhracha (agus moltaí nach bhfuil cabhrach ar chor ar bith) ó Greg Heffley. Buaileann muid le Rowland agus a dhlúthchara Garg. Téann said ó áit go háit i mbun eachtraíochta fíorghreannmhara chun mátháir Rowland a shábháil ón nGruagach Geal. Tá an leabhar chomh barrúil agus spraíúil sin go mbeifeá ag rachtaíl gáire!

Cover Book - Muireann agus an Dianghlasáil

Muireann agus an Dianghlasáil

Leabhar croíúil, tuisnceanach é Muireann agus an Dianghlasáil, a léiríonn scéal an chailín óig, Muireann. Cónaíonn Muireann ar oileán iargúlta amach ó chósta na mórthíre, lena teaghlach, lena comharsana is lena cairde. Chum Malachy Doyle ‘Muireann agus an Dianghlasáil,’ maisithe go gleoite ag Andrew Whitson agus aistrithe go Gaeilge ag Máire Zepf.

Book Cover - An Rás Chuig an Mol Thuaidh

An Rás Chuig an Mol Thuaidh

Scéal éachtach é An Rás chuig an Mol Thuaidh ina bhfuil Gaeilge snasta siansach curtha ag Fearghas Mac Lochlainn ar scéal faoi shaol Matthew Henson. Leaid óg ab ea Matthew nuair a theith sé ón mbaile agus óna leasmháthair nár chaith go maith leis. D’éirigh leis éalú go Meiriceá agus sháraigh sé neart dúshlán. Níor shamhlaigh sé riamh go n-éireodh leis a bheith ar dhuine de na chéad daoine riamh a leag cos ar an Mol Thuaidh.