Reviewer:

Róisín Ní Raghallaigh

Book Cover – Inis Mara 3

Inis Mara 3

Seo againn arís Éabha, laoch óg de bhunadh Inis Mara, agus í ag dul i ngleic le tubaiste mhillteanach eile. Cé go bhfuil seantaithí aici ar na bithiúnaigh santacha atá i ndiaidh theacht i dtír, beidh dúshlán roimpi stad a chur lena gcuid scéiméireachta. Ach nuair atá d’oileán, do mhuintir agus do phobal faoi bhagairt ag bithiúnaigh shantacha, nach í Éabha féin an cailín is fearr leis an dúshlán céanna a shárú!

FINSCÉALTA NA hÉIREANN - Cover

Finscéalta na hÉireann

Is leabhar é seo a thugann athinsint ar chuid de na seanscéalta is mó a bhfuil cáil orthu, An Bradán Feasa, Conas Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm, Clann Lir agus Oisín ina measc. Tá scéalta eile nach mbeadh ar eolas ag gach duine ann chomh maith – Labhraí Loingseach, Fionn agus an Fathach agus An Cú Faoil Bán.