Inis 74: Futa Fata at 20
Alt ó irisleabhar Leabhair Pháistí Éireann, Inis 74, ina gcaitheann Tadhg Mac Dhonnagáin súil siar ar an obair atá déanta aige le Futa Fata agus iad ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód.
Nuair a cailleadh Michael O’Brien, laoch mór leabhar Éireannach agus bunaitheoir The O’Brien Press, bhí leabhar cuimhní cinn á scríobh aige. Foilsíodh anuraidh é faoin teideal The Accidental Publisher. Bheadh an teideal sin feiliúnach chomh maith don chuntas seo ar mo chuidse eachtraí mar bhunaitheoir agus stiúrthóir Futa Fata, a bhfuil fiche bliain i mbun oibre á cheiliúradh i mbliana againn.
Mar ní teach foilsitheoireachta leabhar a bhí in Futa Fata i dtús ama ach lipéad beag neamhspleách ceoil, cineál gnó atá beagnach imithe den saol ó shin. Agus is beagnach trí thimpiste a chas an lipéad ceoil isteach ina chomhlacht foilsithe leabhar. Cuireadh tús leis sa bhliain 1998 agus mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath, le cnuasach bunamhrán i nGaeilge do pháistí a eisiúint, bailiúchán dar teideal Bliain na nAmhrán.
In 2004, cuireadh lógó Futa Fata ar dhlúthdhiosca eile, an cnuasach amhrán do pháistí Ceol na Mara. Faoin tráth seo bhí mé féin, mo chéile Cristín agus ár gceathrar clainne lonnaithe i gConamara agus mise ag plé leis an gceol agus an scríbhneoireacht teilifíse. An bhliain dár gcionn, d’fhoilsigh Futa Fata a chéad leabhar – Gugalaí Gug!, cnuasach rannta ó thraidisiún béil Chonamara. Is é an leabhar sin a bhí mar bhunchloch don obair a déanadh ó shin. I ndáiríre, nuair a foilsíodh é, bhí mé fós ag obair asam féin agus is ag smaoineamh air mar eisiúint cheoil go príomha a bhí mé – dlúthdhiosca a bhí ann agus leabhar curtha leis. Agus d’éirigh leis – thaitin an meascán rannta agus amhrán thar barr le muintir Chonamara, mar gur chuir siad laethanta a n-óige féin i gcuimhne dóibh. Cartoon Saloon i gCill Chainnigh, a bhfuil ainmniúcháin Oscar faighte ó shin acu dá gcuid scannán beochana, a mhaisigh. Díoladh an chéad chló, dhá mhíle cóip, in imeacht sé seachtainí.
‘Úúúú,’ a dúirt mé liom féin. ‘Tá an fhoilsitheoireacht leabhar éasca!’ Bhí dul amú mór orm faoin méid sin, ach ag breathnú siar anois, tá mé sásta go raibh. Spreag an rath a bhí ar Gugalaí Gug! mé le coinneáil orm.
In 2006, d’fhreastail mé den chéad uair ar Aonach Leabhar Bologna. D’aimsigh mé dhá leabhar ann le haistriú isteach go Gaeilge, dhá leabhar a raibh dlúthdhioscaí ag dul leo – Frog sa Spéir agus Eileanór an Eilifint Éagsúil. Ní ceol a bhí le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí ach scéalta, iad á n-aithris ag páistí agus ag an údar féin, Eric Drachman, aisteoir as California a raibh teach beag foilsitheoireachta bunaithe aige féin thall. D’airigh mé an-chosúlacht idir modh oibre Drachman agus mo chur chuige féin i gConamara.
'Bhí laethanta ann agus muid inár suí san oifig bheag os cionn an gharáiste sa Spidéal gur airigh muid beagán cosúil leis an gCaptaein Kirk sa Starship Enterprise agus é ag scinneadh leis tríd an spás, ár leagan féin den mhana cáiliúil sin aige mar inspioráid againn: ‘To boldly go where no leabhar Gaeilge has gone before …’
An bhliain dár gcionn, d’fhill mé ar Bhologna agus d’aimsigh mé tuilleadh leabhar le haistriú, na cinn seo foilsithe i mBéarla ag Little Tiger Press i Londain agus i bhFraincis ag Éditions Mijade in Namur na Beilge. Leabhair áille a bhí iontu agus bhí athrú treo ag baint leo ó thaobh Futa Fata de – ní raibh dlúthdhiosca ar bith leo.
Bhí tograí ceoil i gceist i gcónaí sna luathbhlianta, ina measc an bailiúchán amhrán ón traidisiún Gaelach, Peigín Leitir Móir. Agus ar feadh an ama, bhí mé ag plé chomh maith mar scríbhneoir le tionscadail don scáileán, ina measc an tsraith theilifíse don óige AIFRIC a craoladh ar TG4 den chéad uair in 2006. Bhí thuas seal thíos seal i gceist sa tréimhse sin ó thaobh ioncaim de agus murach tacaíocht mo chéile, Cristín, ní dóigh liom go mbeinn in ann coinneáil orm. Is mé atá buíoch di.
Cloch mhíle mhór a bhí in 2009 nuair a tháinig Breda Ní Chonghaile ag obair liom go lánaimseartha le cabhrú liom leis an riarachán. In 2013, thosaigh an scríbhneoir Gemma Breathnach linn mar oifigeach poiblíochta. Le trí bliana anuas, tá beirt eile tagtha ar bord – an t-eagarthóir agus bainisteoir sceidil Róisín Adams agus an t-eagarthóir Éadaoin Ní Dhomhnaill.
Mar dhuine a chaith blianta ag obair i saol na teilifíse, tá cleachtadh agam a bheith ag obair riamh le heagarthóirí, in Éirinn agus thar lear, daoine a raibh taithí leathan acu ar an scéalaíocht. Is iad na daoine sin a mhúnlaigh mo thuiscint ar a lárnaí is atá an eagarthóireacht i bpróiseas na scríbhneoireachta. Is í an tuiscint sin atá mé ag iarraidh a thabhairt ar aghaidh don ghlúin eagarthóirí atá ag teacht i mo dhiaidh.
Bhí dúshláin ar leith le sárú agus teach foilsitheoireachta a riaradh agus muid lonnaithe faoin tuath in iarthar na hÉireann. Ach le filleadh ar an teideal sin arís, The Accidental Publisher, bhí gné neamhghnách – timpisteach, beagnach - ag baint lena raibh ar siúl againn a chabhraigh linn dul chun cinn a dhéanamh – agus b’in an ceangal a bhí againn leis an gceol, leis an stáitse agus leis an gcur i láthair poiblí. Le hiarracht a dhéanamh slí bheatha níos fearr a bhaint as na leabhair a bhí foilsithe againn, ba mhinic muid ar an mbóthar i mbun seisiún amhrán, rannta agus scéalta i scoileanna, i leabharlanna agus ag féilte ar fud na hÉireann. De réir mar a thosaigh scríbhneoirí éagsúla ag obair linn, ina measc an laoch atá faoi láthair mar Laureate na nÓg, Patricia Forde; an scríbhneoir teilifíse, Ailbhe Nic Giolla Bhrighde; agus an t-iriseoir agus craoltóir Bridget Bhreathnach, thosaigh siadsan ag dul amach i measc an phobail chomh maith, ag cur a gcuid leabhar i láthair, rud nach raibh ar siúl an oiread sin roimhe ag údair a bhí ag scríobh i nGaeilge do pháistí óga.
Tharla rud spreagúil eile le leabhair na gcéad scríbhneoirí sin – tosaíodh ar iad a roghnú le bheith aistrithe agus foilsithe thar lear. Agus muid ag filleadh go rialta ar Aonach Leabhar Bologna agus anois ar Aonach Frankfurt chomh maith, bhí ár gcuid leabhar nua ag aimsiú léitheoirí thall agus abhus san Eoraip agus chomh maith leis sin in áiteacha nach raibh súil ar bith againn leo, an tSín, mar shampla, an Afraic Theas, Laos agus an Téalainn. Bhí laethanta ann agus muid inár suí san oifig bheag os cionn an gharáiste sa Spidéal gur airigh muid beagán cosúil leis an gCaptaein Kirk sa Starship Enterprise agus é ag scinneadh leis tríd an spás, ár leagan féin den mhana cáiliúil sin aige mar inspioráid againn: ‘To boldly go where no leabhar Gaeilge has gone before …’
Agus an méid sin ráite, is ag áibhéil a bheinn dá ndéarfainn gur cuid lárnach d’obair Futa Fata é díol cearta na leabhar thar lear. Tarlaíonn a leithéid go rialta agus is álainn an rud é na haistriúcháin a fheiceáil ach i ndeireadh an lae – fiú i dtús an lae – is é an pobal baile an sprioc is tábhachtaí i gcónaí. Agus chuidigh athrú mór cultúrtha amháin domhanda linn an pobal sin a chothú.
In 2004 a bhunaigh Mark Zuckerberg Facebook. Tháinig Twitter ar an saol in 2006, agus Instagram in 2010. Agus cé go dtuigeann muid ar fad faoin tráth seo an drochthionchar a bhí agus atá ag na meáin shóisialta, tá bua ag na gréasáin seo maidir le grúpaí sainspéise a thabhairt le chéile agus pobail a dhéanamh díobh. Is iad na meáin shóisialta a chuidigh linn ár bpobal féin a aimsiú agus a chothú. De réir mar a thosaigh muid ag obair le scríbhneoirí agus maisitheoirí a raibh scil ar leith acu maidir le teacht i láthair ar na meáin shóisialta – Sadhbh Devlin, Máire Zepf, Muireann Ní Chíobháin, Tarsila Krüse, Paddy Donnelly, Brian Fitzgerald agus daoine eile nach iad – bhí an cumas a bhí iontu siúd a scéal féin a scaipeadh ag cabhrú go mór le Gemma Breathnach agus an tsárobair a bhí ar bun aici siúd le gréasán poiblíochta a thógáil. Thug an ghníomhaíocht seo ar fad úinéireacht do na cruthaitheoirí ar a gcuid oibre agus threisigh sé an spiorad sin eadrainn gur comharghrúpa muid, dream daoine a bhfuil grá againn do leabhair na n-óg agus áthas orainn a bheith ag obair as lámha a chéile agus ag tacú lena chéile.
Cé na deacrachtaí ar leith, a fhiafraíonn tú, a bhaineann le bheith i d’fhoilsitheoir Gaeilge do pháistí? Cuireann an cheist sin rud a dúirt Mairi Kidd, scríbhneoir, foilsitheoir agus ceannaire i saol cultúrtha na hAlban liom. Chuir mé aithne ar Mhairi na blianta ó shin agus í ag obair leis an bhfoilsitheoir Barrington Stoke i nDún Éideann, dream a bhfuil páirtnéireacht aistriúcháin againn leo. Bhí Mairi abhus i mBaile Átha Cliath fómhar amháin agus muid beirt ag freastal ar chomhdháil Leabhair Pháistí Éireann sa Lighthouse. Bhí cur i láthair ag foilsitheoir Gaeilge ar a shaothar. Sa chaint a thug sé, bhí cur síos aige ar na dúshláin a bhain le saol na leabhar - na deacrachtaí dáiliúcháin, neamhaird na n-iriseoirí nuachtán, an easpa spáis ar sheilfeanna na siopaí leabhar ...
Chrom Mairi i mo threo agus ar sise os íseal: ‘The challenges of being an Irish-language children’s publisher sound remarkably similar to the challenges of being a publisher.’
D’fhan an ráiteas sin liom. Ní hé nach raibh bunús na fírinne sa mhéid a bhí le rá ag an bhfoilsitheoir a bhí ag caint. Ní hé nach raibh agus nach bhfuil dúshláin ann. Ach is gá a mheabhrú gur obair dhúshlánach atá san fhoilsitheoireacht don óige trí chéile, go mór mór ag an scála atá i gceist le formhór na bhfoilsitheoirí atá lonnaithe in Éirinn. Is gá cuimhneamh nuair a shiúlann tú isteach i siopa leabhar sa tír seo gur sa Bhreatain a foilsíodh 85% de na leabhair a fheiceann tú i do thimpeall. Maidir leis an tslis 15% sin den phióg, sciar beag go maith de atá i gceist le foilseacháin Ghaeilge. Ach tá feabhas ar an éileamh agus ar dhíol ár gcuid leabhar le blianta anuas in ainneoin go mbíonn guailleáil láidir ann don spás ar sheilfeanna na siopaí. Is deacair a bheith in iomaíocht don spás sin le huillinneacha géara HarperCollins, Penguin Random House agus Bloomsbury.
Ach le breathnú go dearfach ar an scéal, tá nideog den mhargadh ag an bhfoilsitheoir Gaeilge ar deacair í a bhaint dínn. Agus, murab ionann agus foilsitheoirí Béarla na hÉireann, tá sé de chumas againne páirtnéireachtaí a chruthú le brandaí móra idirnáisiúnta – leithéidí Diary of a Wimpy Kid, Dog Man nó pictiúrleabhair véarsaíochta Julia Donaldson – agus teacht i dtír ar an gcáil atá ar na bunleaganacha lenár n-aistriúcháin Ghaeilge a dhíol. Is fiú cuimhneamh chomh maith go bhfuil na heagráin Ghaeilge sin ag cur le traidisiún aistriúcháin a shíneann siar míle bliain i dteanga dhúchais na hÉireann. Tá tábhacht leis an dá shruth a fhoilsíonn muid, idir bhunleabhair agus aistriúcháin.
Leis an scór bliain atá caite ar an saol ag Futa Fata a cheiliúradh, tá imeachtaí éagsúla beartaithe againn. Tá scéal na bhfiche bliain á insint ar na meáin shóisialta agus cur síos ann ar na seánraí éagsúla atá á bhfoilsiú againn – na leabhair chairtchláir do pháistí an-óg, na pictiúrleabhair, na leabhair do pháistí atá ag tosú ar an léamh, na húrscéalta gairide, na húrscéalta grafacha, ár leaganacha véarsaíochta féin de na scéalta clasaiceacha, na leabhair mhiotaseolaíochta, agus na cnuasaigh amhrán agus véarsaíochta. San fhómhar, beidh muid ag filleadh ar na préamhacha agus seó stáitse, Futa Fata @ 20, á chur i láthair againn don phobal a bhfuil oiread tacaíochta tugtha aige dúinn – muintir Chonamara.
Tá an-taitneamh go deo bainte agam féin go pearsanta as an bhfiche bliain atá caite agus an-bhród orm a bheith ag obair le hoiread daoine cumasacha, idir fhoireann Futa Fata féin agus na scríbhneoirí, na maisitheoirí, na ceoltóirí agus na hoirfidigh óga a bhíonn ag taifeadadh linn. Tá tacaíocht iontach faighte againn ó eagraíochtaí maoinithe – Foras na Gaeilge, An Chomhairle Ealaíon, COGG agus Ealaín na Gaeltachta. Tá ár gcuid leabhar curtha chun cinn ag Leabhair Pháistí Éireann, ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá áit níos lárnaí aimsithe ag ár gcuid foilseachán i siopaí leabhar agus fonn ar leabharlannaithe agus lucht féilte a bheith ag obair linn.
Ní móide go mbeidh mé féin fós i mbun na hoibre seo faoi cheann scór bliain eile – tá leabhair le scríobh agus eachtraí eile ag fanacht orm. Ach tá dóchas agam go mairfidh Futa Fata, agus anois is arís, go n-éireoidh leis a bheith ag imeacht san áit nach ndeachaigh leabhar Gaeilge roimhe.