Danny, Seaimpín an Domhain
Agus Roald Dahl ar cheann de na húdair ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar pháistí óga, is maith an scéal é go bhfuil fáil ag léitheoirí Gaeilge anois ar cheann dá leabhar is cáiliúla. Beidh an bunscéal ar eolas ag go leor daoine cheana féin, scéal a phléann le heachtraí diabhlaíochta a thiteann amach nuair a thagann mac ar an eolas faoi chaitheamh aimsire rúnda atá ag a athair.