Asterix agus Coróin Labhrais Chaesair

Is leabhar grafach é seo, maisithe go híontach agus lán le dathanna agus fuinneamh. Sa tsraith leabhar seo tá Asterix agus a chairde ina gcónaí sa Ghaill (sean Fhrainc) san am atá thart agus tá an scéal seo leagtha amach san aimsir stairiúil sin. Sa leabhar seo, téann Asterix agus a chara Obelix ar cuairt chuig an Róimh le coróin labhrais Chaesair a aimsiú. Ar an mbealach tarlaíonn eachtraí éagsúla don bheirt agus insítear na scéalta seo sa leabhar. Léirítear an scéal tríd na pictúirí agus trí labhairt na gcarachtar agus cabhraíonn na pictúirí go mór leis an ngreann atá le fáil sa leabhar.

Tá cur i láthair álainn sa leabhar agus tá ról faoi leith ag na “seachghlórtha” le beocht a thabhairt do na heachtraí agus don scéal.

Chomh maith le heachtraí Asterix a insint dúinn, insíonn an leabhar dúinn faoi shaol na Róimhe fadó agus foghlaimeoidh tú faoin saol a bhí sa cheanntar le linn ríocht Chaesair i mbealach suimiúil spraíúil.

Ach an bhfaigheann Asterix agus Obelisk an coróin faoi dheireadh? Léigh an leabhar chun an freagra sin a fháil.

Asterix_CoroinChaesair_cludach
Illustrator
Publisher
Publication Date
September 2022
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
48
ISBN
9781913573065