Míp

Ba dheacair an rud é scéal Mhíp a léamh is gan titim i ngrá leis an róbat beag bídeach seo agus a cuid féiníní. Is é an misean atá tugtha do Mhíp ná taisteal go Mars agus ós rud é go bhfuil scéal Mhíp bunaithe ar fhíorscéal ‘Opportunity’, róbat NASA, tá sé níos suimiúla fós. Rachaidh na léitheoirí, idir óg agus aosta, ar thuras atá greannmhar in amanna, brónach uaireanta, ach ag críoch an leabhair, beidh sonas orthu gur ghlac siad páirt i scéal neamhghnách Mhíp.

Is dearscnaitheach iad léaráidí an leabhair agus tá leibhéal na mionsonraí thar barr. Tá an méid sin le feiceáil ar gach uile leathanach go ndeachaigh mé thar n-ais orthu arís is arís eile, ag aimsiú píosaí nua gach uair. Tá an Ghaeilge sa leabhar seo go hálainn agus is mór an spórt an scéal a léamh os ard. Scéal lán le dóchas, cairdeas agus grá atá ann, go háirithe sa lá atá inniu ann. Cad eile a bheadh uainn?

About the Author
Maire Zepf Headshot
Is údar í Máire Zepf a scríobhann leabhair don aos óg. Tá dhá leabhar déag scríofa aici go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na leitheoirí is óige, úrscéalta staire agus Nóinín – an chéad úrscéal véarsaíochta sa Ghaeilge do dhéagóirí. Chruthaigh sí sraith faoi charachtar bríomhar darbh ainm Ríta (An tSnáthaid Mhór) i bpáirt leis an maisitheoir Andrew Whitson. In 2015, d’fhoilsigh Futa Fata Ná Gabh
Léigh tuilleadh
About the Illustrator
Illustrator Headshot - Paddy Donnelly
Paddy Donnelly is an Irish illustrator now living in Belgium. He has over 15 years experience as an illustrator and designer, and especially loves working with a textured, painterly approach. With a fondness for illustrating the sea and animals, Paddy tries to inject a touch of humour to his work wherever he can. Coming from a graphic design background, Paddy is comfortable working in different
Léigh tuilleadh