Art Abú! Spiorad na Coille
Is í an troid lena Dhaid a chuireann tús le heachtra Airt, agus a chuireann fonn air éalú isteach sa choill. Cuireann an cúlbhrat dearg sna painéil leis an mbaol a bhraitheann an leaid óg. Ní fada go bhfaigheann sé amach nach í an choill an namhaid is mó atá roimhe. Beartaíonn sé féin ar eagla a chur roimh “An Cladhaire Mór”. Níl ach dhá chéim shimplí sa phlean atá aige: Iontas agus Díoltas!
De réir mar a chuireann Art aithne ar na crainn agus na plandaí, tugann sé faoi deara nach ina aonar atá sé ar chor ar bith. Is é an cairdeas a fhásann idir é féin agus duine le lucht na coille. Tá cúpla casadh sa scéal nuair a chaithfidh Art teacht ar fhíorfhéiniúlacht a charad nó nuair a bhuaileann sé le Spiorad na Coille, an carachtar a thugann teideal don scéal ar fad.
Cloistear fuaimeanna na timpeallachta nua go ríshoiléir mórthimpeall ar Art agus é i mbun campála ar an bplásóg choille. Insítear an scéal go tapa sa dialóg chliste ghonta idir na carachtair agus tá guth comhaimseartha Gaeilge ag na carachtair.
Is féidir eachtraí eile Airt a leanúint sna leabhair eile sa tsraith Scoil na nArrachtaí agus Dúrún Dhonnabháin.