Bliain na nAmhrán

Ní leor an focal ‘leabhar’ chun cur síos cuí a dhéanamh ar an bhfoilseachán seo le Tadhg Mac Dhonnagáin. Is éard atá i gceist in Bliain na nAmhrán ná bailiúchán rannta do pháistí roinnte de réir séasúir, dlúthdhiosca mar thionlacan leis an leabhar agus ceol nuachumtha air. Mar aon leis sin d’oibrigh maisitheoir amháin ar gach séasúr. Caoga leathanach atá thar a bheith gleoite atá le feiceáil mar aon le fiche amhrán binn le cloisteáil.

Is as síol beag a fhásann an crann is airde agus fásann an leabhar seo as an rann beag Síolta Beaga. Is oscailt álainn é atá ina hábhar dóchais dúinn go léir go dtiocfaimid go léir slán as an sneachta bán. Tá soineantacht agus glaine le brath i nguth álainn an pháiste a chanann an t-amhrán sin. Leanann an leabhar mar a leanann na séasúir a chéile. Na beacha, an trá, an zú agus an chuach a thugann an samhradh leo. Tagann rannta faoi dhuilleoga agus faoi fháinleoga sna sála orthu siúd, dar ndóigh. Is i lár an fhómhair atá ceann de na rannta is cliste, an ceann faoin múinteoir bocht nach bhfuil ag iarraidh dul ar ais ar scoil! Tá macalla an tseanamhráin ‘Mo Ghile Mear’ le brath ón dán ‘Tomás an tiora Rua’. Ní féidir leis an ainmhí bocht seo dul a chodladh ‘suan ná séan ní bhfuair mé féin go fóill’. Casann sé ar dhearcáin a chomhaireamh chun é féin a chur ina chodladh don gheimhreadh! Is leabhar iontach ar fad é seo, idir mhaisiúcháin, cheol, amhránaíocht agus leagan amach. An Fómhar an séasúr ab fhearr liom.

About the Author
Headshot of Tadhg Mac Dhonnagáin
Duine ildánach is ea Tadhg Mac Dhonnagáin, úrscéalaí, údar do pháistí, giotáraí agus amhránaí, scríbhneoir scripteanna agus foilsitheoir. Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata agus cuireadh a gcuid pictiúrleabhar ar fáil in 15 teanga ar fud an domhain.
Léigh tuilleadh
About the Illustrator
Illustrator Headshot - Jennifer Farley
Jennifer Farley is an author and illustrator from Dublin. Her artwork is bright, colourful and a little bit humourous. Jennifer has illustrated several books for other authors, and has written and illustrated three books herself, including Island of Adventures and Scout's Best Day Ever. In 2019, she illustrated Shooting For The Stars, written by Dr. Norah Patten, which won an An Post Irish Book
Léigh tuilleadh
About the Illustrator
Headshot of Brian Fitzgerald
Brian has worked continuously as an illustrator since graduating from NCAD in the early 80s. He has illustrated for newspapers such as The Boston Globe, The Wall Street Journal and for magazines, design studios, advertising, publishing and children’s picturebooks. As author and illustrator he received international recognition for his award-winning book Bounce Bounce.
Léigh tuilleadh
About the Illustrator
Photo of illustrator Tarsila Krüse
Tarsila Krüse is a self-taught artist born in Brazil and Irish at heart with a love of languages, books and art. She lives in a house with a bright yellow door in the fair city of Dublin with her husband, her son and two happy dogs, Pixel and Tag.
Léigh tuilleadh
Book Cover - Bliain na nAmhrán
Publication Date
December 2016
Praghas
€16.95
Foirm
Clúdach crua
Leathanaigh
67
ISBN
9781910945216