Reviewer:

Úna Breathnach

Book Cover - Spéirling

Spéirling

Cairde ab ea Liosa agus Manon. Páistí aonaracha an bheirt acu agus cónaí orthu in aice a chéile ar oileán Arúba sa Mhuir Chairib. Bhi spéis acu sa chadhcáil. Lá amháin agus iad amuigh ar an bhfarraige chonaic siad rud aisteach san uisce. Cailín a bhi ann ach ni ghnáth chailín í. Spéirling ab ainm dí. Siar in 1836 tháinig strainséir chun oileán Arúba. Tá an dá scéal fite fúite tríd an leabhar. Ní fheadair an bhfuil ceangal eatarthu?

Book Cover - Scéalta le hInsint don Ghealach

Scéalta le hInsint don Ghealach

Cnuasach gearrscéalta, dhá cheann déag ar fad, atá sa leabhar seo. Is scéalta atá bunaithe ar scéalta traidisiúnta ón mbéaloideas iad, curtha in oiriúint do pháistí ag Caoimhe Nic Lochlainn. Tá na scéalta plódaithe le greann, tóraíocht agus gaiscíocht.

Book Cover - Anansi agus Scéalta an Domhain

Anansi agus Scéalta an Domhain

Cnuasach gearrscéalta, naoi gcinn ar fad atá sa leabhar seo. Sé príomhcharactar na scéalta uile ná Anansi, damhán alla a bhfuil caint aige féin, mar atá ag na hainmhithe eile sna scéalta.