Scéalta le hInsint don Ghealach

Cnuasach gearrscéalta, dhá cheann déag ar fad, atá sa leabhar seo. Is scéalta atá bunaithe ar scéalta traidisiúnta ón mbéaloideas iad, curtha in oiriúint do pháistí ag Caoimhe Nic Lochlainn. Tá na scéalta plódaithe le greann, tóraíocht agus gaiscíocht.

Creid é nó ná creid, ach fadó fadó, ní raibh tae le fáil go forleathan in Éirinn. Buail isteach ar an tseanbhean a tháinig ar an tae den chéad uair. Conas a d’ullmhaigh sí an tae agus céard a bhí le rá ag an seanfhear faoi? Scéal anghreannmhar é seo. Tá meascán maith idir scéalta fantaisíochta agus stairiúla sa leabhar. Tá cosúlacht idir cuid de na scéalta agus na scéalta traidisiúnta, ‘Seán agus an gas pónaire’ ‘Bhí seanbhean ann a shlog cuileog’ agus ‘Luaithríona’, ach ag an am céanna tá difríocht mhór eatarthu. Tá an leagan amach neamhchoitianta le gluais chun tosaigh agus ar chúl an leabhair. Tá an líníocht go maith, d’fhéadfadh na dathanna a bheith beagáinín níos láidre. De ghnáth is iad na dathanna a mheallann páistí chuig an leabhar. Tá an Ghaeilge sách deacair, mar sin ní bheadh páistí gan sárlíofacht na Gaeilge ábalta an leabhar a léamh leo féin. Ar ndóigh is féidir an leabhar a léamh do pháistí agus bainfidh siad sult iontach as na scéalta.

About the Illustrator
Headshot of Olivia Golden
Olivia has illustrated over 30 books for children along with a variety of covers and books for adults. Her work has exhibited both nationally and internationally. She works comfortably in both traditional and digital media while looking to traditional printing techniques for inspiration. This experience in book illustration translates neatly into storyboarding and info graphics. Texture and
Léigh tuilleadh
Book Cover - Scéalta le hInsint don Ghealach
Maisitheoir
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
December 2018
Praghas
€12.00
Foirm
Clúdach bog
Leathanaigh
100
ISBN
9781907494789