Cluasa Capaill ar an Rí

Is aithinsint ghalánta ar scéal béaloidis idirnáisiúnta atá déanta ag Bridget Bhreathnach agus Shona Shirley Macdonald sa phictiúirleabhar draíochtúil seo. Insítear scéal Labhraí Loingseach, prionsa a bhfuil rún mór á choinneál faoi cheilt aige: rugadh é agus cluasa capaill air.

Leantar Labhraí tríd an leabhar, óna óige uaigneach chuig a aosacht mar rí, is barbóir iontaofa nua á lorg aige chun a ghruaig a ghearradh d’fhéile bhliantúil na ríochta agus a chluasa a choinneáil faoi rún ina dhiaidh sin. Nuair nach bhfuil ach aon bhearbóir amháin fágtha sa tír agus é ina bhuachaill, an é go mbeidh rún Labhraí scaoilte faoi dheireadh?

Cuireann an pictiúirleabhar seo eispéireas thar a bheith draíochtúil agus tumthach ar fáil don léitheoir ó chlúdach go clúdach. Oibríonn stíl scríbhneoireachta thraidisiúnta Bhreathnach i gcomhpháirt le pictiúir chlaisiceacha MacDonald go snasta chun atmaisféar ársa a chruthú tríd síos. Tá an-jab déanta ag Bhreathnach anam agus fuinneamh a chur sa seanscéal seo le húsáid teanga atá aoibhinn fileata. Is sár-éachtiad na pictiúir ach go háirithe, atá curtha i láthair i sraitheanna beoga a chruthaíonn radhairc spéisiúla ar na leathanaigh dhúbailte.

Is pictiúirleabhar iontach agus úsáideach é seo lena úsáid chun féinghrá a spreagadh i bpáistí, dochar na rún a chíoradh agus bualadh faoi bhéaloideas na hÉireann. Oiriúnach agus taithneamhach do léitheoirí de gach aois!

About the Author
Photo of author Bridget Bhreathnach
Bridget Bhreathnach is an author and columnist who was born in New York and reared in Ros Muc, in Conamara. Futa Fata have published two of her books: Lúlú agus an Oíche Ghlórach illustrated by Steve Simpson and Ní Mise a Rinne É! illustrated by Donough O’Malley. Her books have been translated to Chinese and Thai and they are also available in Scottish Gaelic. The Réics Carló Prize, Book of the
Learn more
About the Illustrator
Headshot of Shona Shirley Macdonald
Shona Shirley Macdonald is an award-winning illustrator/author, originally from Scotland and now living by the sea in County Waterford. She studied stop-motion animation at Edinburgh College of Art, and now works mainly on children’s books. Her debut picture book The Pooka Party was selected for the IBBY International Honours List, and nominated for a CBI Award, Irish Book Award and LAI Award. Her
Learn more
Book Cover - Cluasa Capaill ar an Rí
Publisher
Reviewer
Publication Date
September 2021
Price
€14.95
Format
Hardback
Pages
40
ISBN
9781910945483