Faye

Buaileann muid le Faye, cailín óg dhá bhliain déag d’aois, agus í tar éis dúiseacht ó thromluí eile. Bíonn tromluithe aici go minic - faoin rud céanna gach uair. Tá cónaí uirthi in ionad speisialta faoi chúram an stáit agus níl sí róshásta bheith ann. Bíonn sí i dtrioblóid go minic sa bhaile agus ar scoil ach bíonn sí sona sásta ar an bpáirc pheile, áit a bhfuil a scil agus tallann le feiceáil. Is ar an bpáirc a bhuaileann sí le Liam agus bíonn ionadh uirthi nuair a léiríonn sé spéis inti. Uaidh sin, tosaíonn saol Faye ag athrú.

Meallan teanga sholéite, bhríomhar Ní Eadhra isteach láithreach sa scéal seo thú. Tá luas maith leis a choimeádfaídh aird an léitheora freisin. Is léir go bhfuil an-tuiscint ag an údar ar shaol dhaoine óga agus ar an teanga a úsáideann siad le chéile. Úsáidtear cumarsáid ‘téacs’ idir fóin phóca na gcarachtar mar sheift tríd síos, rud a mhothaíonn réalaíoch agus fíor. Feiceann muid na déagóirí ag déanamh botún agus ag foghlaim uathu. Fásann Faye aníos sa scéal agus í ag dul i ngleic le tragóid phearsanta agus ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí. Is scéal cumhachtach agus láidir é seo faoi chailín atá ag streachailt agus bheadh aon duine óg an tógtha leis.

Book Cover - Faye
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
December 2017
Praghas
€8.00
Foirm
Clúdach bog
Leathanaigh
69
ISBN
9780993494680