Cathal – Am Dul A Luí!
Is leabhar álainn é seo, le scéal deas simplí. Tá buachaill beag darb ainm Cathal á ullmhú féin le dul a chodladh agus tá cúpla rud le haimsiú aige sa seomra folctha agus sa seomra leapa, sula socraíonn sé sa leaba.
Tá pictiúir áille, geala ar gach uile leathanach sa leabhar. Tarraingíonn siad aird an léitheora ón tús. Leabhar flapaí atá i gceist sa leabhar seo. Tá pictiúir le feiceáil faoi na flapaí, agus spreagann siad comhrá idir an duine fásta agus an páiste. Tugann siad an deis foclóir an pháiste a leathnú, trí phlé a dhéanamh ar an méid atá le feiceáil faoi na flapaí.