Bliain na nAmhrán
Ní leor an focal ‘leabhar’ chun cur síos cuí a dhéanamh ar an bhfoilseachán seo le Tadhg Mac Dhonnagáin. Is éard atá i gceist in Bliain na nAmhrán ná bailiúchán rannta do pháistí roinnte de réir séasúir, dlúthdhiosca mar thionlacan leis an leabhar agus ceol nuachumtha air. Mar aon leis sin d’oibrigh maisitheoir amháin ar gach séasúr. Caoga leathanach atá thar a bheith gleoite atá le feiceáil mar aon le fiche amhrán binn le cloisteáil.