An Rás Chuig an Mol Thuaidh
Scéal éachtach é An Rás chuig an Mol Thuaidh ina bhfuil Gaeilge snasta siansach curtha ag Fearghas Mac Lochlainn ar scéal faoi shaol Matthew Henson. Leaid óg ab ea Matthew nuair a theith sé ón mbaile agus óna leasmháthair nár chaith go maith leis. D’éirigh leis éalú go Meiriceá agus sháraigh sé neart dúshlán. Níor shamhlaigh sé riamh go n-éireodh leis a bheith ar dhuine de na chéad daoine riamh a leag cos ar an Mol Thuaidh.
Úrscéal taiscéalaíochta é seo a thaitneoidh go mór le léitheoirí óga is aosta. Tá sé scríofa go binn le h-ailt ghearra agus caibidlí lán le nathanna cainte agus
frásaí saibhre. Le friotal saibhir lán le misneach, tugann an scéal seo ar aistear muid a phléann na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine de bharr a n-oidhreachta, a gcreidimh, a gcúlra nó dath a gcraicinn. Úrscéal ar ardchaighdeán é seo.