Méabh, Banríon na Troda

Is scéal fisiciúil fuinniúil é Méabh Banríon na Troda. Feictear amhmhothúcháin gháifeacha agus tá an scéal agus gníomhartha na gcarachtar spreagtha uathasan. D’fhéadfadh go bhfuil cuma sheanfhaiseanta ar an scéal féin sa lá inniu ann agus téamaí ann a d’aireodh teibí don léitheoir óg – pósadh, breith pháistí, an rachmas tomhaiste ag eallach – ach nach iontach an deis é don mhúinteoir nó don tuismitheoir comhrá a spreagadh ar an seansaol, ar ról na mban fadó, agus ar an mbrúidiúlacht a bhí mar pháirt den saol sin.

Is caorthanach í Méabh, príomcharachtar an scéil, agus is bradóg í; carachtar cróga agus láidir í ach ag an am céanna déantar í a shainmhíniú mar gheall ar a gaol le fir le linn an scéil; is iníon í, is bean chéile í agus ansin is máthair í. Nach mór idir inniu agus inné agus nach bhfuil luach don léitheoir óg le meabhrú ar an malartú saoil a bhain lenár sinsear. Cuirtear an scéal os ár gcomhair i bhfriotal lách neamhchasta agus insítear an scéal le léaráidí (i ndubh is i ngeal – ar an drochuair) a chabhraíonn leis an léitheoir an scéal a thuiscint. Tá Scéal Naomh Pádraig mar pháirt den tsraith chéanna (beagáinín níos fusa agus antaitneamhach ar fad) agus tá gluais ag deireadh an leabhair seo. Áis iontach í seo a dhéanann cur síos as Gaeilge ar fhocail dheacra atá sa leabhar. Bealach éasca, siamsúil í an tsraith seo le seanscéalaíocht na hÉireann a chur os comhair an léitheora óig den chéad uair. 

Book Cover - Méabh, Banríon na Troda
Údar
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
January 2016
Praghas
€4.99
Foirm
Clúdach bog
Leathanaigh
41
ISBN
9781781998960