Babaí Cathal: Lá Nua!
Leabhar flapaí lán go béal le maisithe áille le Kary atá sa saothar seo Babaí Cathal: Lá Nua! scríofa ag Anne Paradis agus aistrithe go Gaeilge ag an scríbhneoir mór le rá Tadhg Mac Dhonnagháin. Cuirtear síos ar imeachtaí na maidine a bhíonn ag Cathal, buachaill óg, a réitíonn é féin don lá amach roimhe.
Tugann an leabhar deis do thuismitheoirí gnáthaimh an lae a mhíniú do pháistí óga trí scéal Chathail a léiriú ar bhealach siamsúil ildaite idirghníomhach. Ag tús an scéil, nuair a dhúisíonn Cathal, iarrtar ar létiheoirí an téacs cuidiú leis caoi a chur ar a sheomra trí fhlapaí na leathanach a oscailt. Déantar an leaba a chóiriú agus na cúirtíní a oscailt chun fáilte a chur roimh an lá nua. Nósanna maithe a bhunú is ea sprioc an téacs agus is ina dhiaidh sin a chuirtear síos ar am bricfeasta Chathail, ansin é ag glanadh a fhiacla, agus ansin é á ghléasadh féin agus é réidh le dul ar scoil, trí thacaíocht a fháil ón léitheoir na flapaí a oscailt. Is go rómhinic a bhíonn gasúir na linne seo, fiú ag aois óg na réamhscolaíochta, ag breathnú ar scáileáin dhigiteacha taibléad nó a bheith ag stánadh ar fhóin chliste. In áit sin, cuirtear deis don tuismitheoir scéal simplí a inseacht dá ngasúr ach é a dhéanamh go céadfaíoch. D’oirfeadh an téacs do linbh óga óna 0-3 bliana d’aois agus molann an léitheoir seo go mór é!