Am Folctha, a Choinín Beag!

Seo an tríú leabhar sa tsraith álainn faoi Choinín Beag. Leabhair idirghníomhacha atá iontu, ina gcabhraíonn an léitheoir
óg le Coinín Beag lena ghnáthimeachtaí laethúla. Sa leabhar seo, tá sé in am folctha ag Coinín Beag, agus iarrtar ar an bpáiste glaoch ar an gcoinín, braoinín seampú a chur ar a cheann, séideadh ar a chluasa chun iad a thriomú, agus a leithéid.

Bainfidh léitheoirí beaga fíorthaitneamh as an leabhar seo a léamh le duine fásta mar tá go leor le déanamh agus tá ról gníomhach ag an bpáiste sa scéal, fiú mura bhfuil caint aige nó aici fós. Aithneoidh léitheoirí beaga na rudaí a tharlaíonn do Choinín Beag – tá uisce ar a éadan! – agus gheobhaidh siad cleachtadh ar stór focal a bhaineann leis an saol laethúil.

Tá na léaráidí lán le beogacht agus le gluaiseacht. Is álainn an íomhá de chluasa an choinín ag séideadh siar nuair atá an léitheoir beag ag séideadh orthu chun iad a thriomú. Úsáidtear réimse teoranta de dhathanna boga, agus cuireann sé sin le hatmaisféar séimh socair an leabhair. Tá an chlófhoireann go deas séimh chomh maith. Leabhar beag cairtchláir atá ann, mar sin beidh sé oiriúnach do na lámha is lú. Go hálainn ar fad.

Book Cover - Am Folctha, a Choinín Beag!
Author
Publisher
Reviewer
Publication Date
February 2021
Price
€8.95
Format
Hardback
Pages
12
ISBN
9781910945698