Amuigh Faoin Spéir
Tá fonn ag Rua agus ag Mamaí a scíth a ligean ag an deireadh seachtaine ach tá malairt tuairime acu faoin mbealach is fearr leis sin a dhéanamh. Tugtar léargas iontach dúinn ar mheon an pháiste agus é ag dul i ngleic leis an bhfadhb. Léirítear an chlisteacht agus an tsamhlaíocht atá aige sna pleananna éagsúla atá aige chun a chur ina luí ar a Mhamaí géilleadh dá mhianta féin – agus na straitéisí atá aici freisin chun a dhearcadhsa a athrú.
Tá an-bhéim curtha ar an dúlra, agus ar an leas gur féidir a bhaint as, chomh maith leis an stór mór gníomhaíochtaí gur féidir a dhéanamh amuigh faoin spéir. Is é an bua is fearr atá ag an scéal ná an léargas atá aige ar theaghlach. Nochtar an cion agus an grá atá idir an máthair agus a mac agus iad i gcomhluadar a chéile. Caidreamh lán le spraoi atá ann – agus sa deireadh thiar thall ar aon intinn atá siad agus Rua i mbaclainn a mham ar an tolg agus iad beirt tugtha ón lá.
Tá na léaráidí thar cionn le dathanna geala an fhómhair le feiscint tríd an scéal. Léirítear go soiléir na mothúcháin atá ar na carachtair trí mheán na bpictiúr agus tarraingítear ár n-aird ar na hainmhithe, na plandaí agus an dúlra fairsing atá mórthimpeall orainn. Scéal suaimhneach é seo a chuirfidh gliondar croí ort.