Na Trodaoirí II: An Bhrúid Dhubh

Seo an dara leabhar i sraith de cheithre úrscéal grafach. Leanann an léitheoir iarrachtaí Mholl, Liam agus a gcuid cairde a sráidbhaile féin a chosaint i gcoinne beithígh ollmhóir atá faoi dhubhealaín mhistéireach darb ainm An Bhrúid Dhubh.

Tá eagla an domhain ar mhuintir an tsráidbhaile faoin damáiste a d’fhéadfadh an beithíoch seo, agus pé duine ar leo é, a dhéanamh mura gcuirtear stop leo láithreach. Téann na Trodaoirí beaga agus beirt dá gceannairí sa tóir ar fhreagraí go hOileán na nDraoithe, áit a bhfuil asarlaithe saineolacha ann. Aran aistear draíochtúil seo, tagann siad ar charachtair agus freagraí a chabhraíonn

leo bunús agus baol na Brúide a thuiscint. Anuas air sin, nochtar rúin faoi fhir an tsráidbhaile a d’fhág chun páirt a ghlacadh i gcogadh deich mbliana roimhe sin.

Éiríonn go geal leis an údar agus leis an aistritheoir scéal agus domhan tumthach a chruthú sa scéal grafach seo. Is cinnte go dtógann an dara leabhar ar an méid a thit amach sa chéad leabhar agus mar sin, ba cheart an chéad leabhar sa sraith a léamh chun go mbeadh tuiscint agus comhthéacs ag an léitheoir faoin méid a tharlaíonn sa cheann seo.

Bheadh an leabhar seo oiriúnach do pháistí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge agus léamh neamhspleách acu. Ós rud é go bhfuil neart íomhánna sa scéal seo a thacaíonn leis an léitheoir an scéal a leanúint, is cinnte go mbeadh léitheoirí ní b’óige in ann taitneamh a bhaint as an scéal le beagán tacaíochta ó dhuine fásta freisin.

NA TRODAOIRÍ II: AN BHRÚID DHUBH - Cover
Publication Date
November 2023
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
72
ISBN
9781913573478