Micí S'Againne

Is greannán Gaeilge den scoth é Micí s’Againne le Caoimhín Mac a’ Bhaird agus Christopher Ammentorp, go háirithe do pháistí nó do dhéagóirí ar breá leo eachtraíocht, spraoi nó beagán trioblóide fiú! Tá breis is daichead scéal sa chnuasach le héagsúlacht ábhar, idir bhéaloideas, mhiotaseolaíocht agus ghnéithe éagsúla den ghnáthshaol comhaimseartha. Is fear mór eachtraíochta é Micí agus is carachtar greannmhar é atá lán le spórt.

Bíonn smaointe iontacha aige agus déanann sé gach iarracht a chuid pleananna a chur i gcrích ar bhealaí éagsúla tríd an scéal. Faraor géar do Mhicí bocht is smaointe iad nach n-oibríonn amach mar a shamhlaíonn sé i gcónaí agus bíonn trioblóid ann go mion minic dó. Tá an leabhar lán le spraoi agus cuirfidh sé léitheoir ar bith sna trithí gáire. Chomh maith leis sin is pléisiúr Dé é an leabhar seo leis na stiallghreannáin ildaite iontacha ar gach aon leathanach. Taitneoidh sé go mór le páistí a dtaitníonn dathanna geala agus pictiúir leo! Is scéalta gearra iad na scéalta seo uile a oirfidh do pháistí a bhíonn ag léamh go gasta idir a gcuid eachtraí féin nó do thuismitheoirí mar scéalta gearra roimh am luí. Is leabhar taitneamhach é Micí s’Againne a mbainfidh foghlaimeoirí fásta sásamh as freisin. Tá an Ghaeilge simplí agus gonta den chuid is mó ach tá gnéithe áille de chanúint Uladh fite fuaite trí na comhráite freisin. Is mór is fiú Micí s’Againne a oscailt - cuirfidh sé miongháire ar aghaidh duine ar bith!

Book Cover - Micí S'Againne
Maisitheoir
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
January 2017
Praghas
€10.00
Foirm
Clúdach crua
Leathanaigh
48
ISBN
9780995611948