Gugalaí Gug! Eagrán Céiliúrtha 10 Mbliana

Ó céadeisíodh Gugalaí Gug sa bhliain 2005, tá páistí na tíre ag spalpadh rannta Gaeilge agus ag dul i dtaithí ar rithim agus cheol na Gaeilge. Os cionn deich mbliana ina dhiaidh sin, agus eagrán nua den chnuasach curtha ar fáil do pháistí an 21ú haois, níor maolaíodh ar an gcíocras cainte agus canta. Díríonn an cnuasach seo isteach ar rannta traidisiúnta Chonamara a bailíodh ó mhuintir na háite, rannta a bhí ar bhéal na sleachta romhainn ach a gcuirfidh glúin óg an lae inniu spéis iontu.

Go leor aithrise agus spraoi le teanga a bheidh ann i gcleachtadh na rannta seo. I dtaca leis na tríocha rann, tá dlúthdhiosca ar fáil le go rachaidh na rannta ar do chluas, agus isteach i do chroí. D’fhéadfá seal a chaitheamh ag díriú isteach ar cheann aonair nó éisteacht leis an gcnuasach ó thús deireadh.

Ní stíl leanúnach maisitheoireachta atá sa chnuasach. Ina ainneoin sin, tá léaráidí agus cló éagsúil roghnaithe do chuile rann le beocht agus brí an ábhair a chur in iúl. Idir líníocht shimplí le d’aird a tharraingt ar an gcló ina bhfuil na línte scríofa, agus úsáid spraíúil íomhánna lándaite ardchodarsnacha; idir an rann suite i lár an leathanaigh agus blúiríní pictiúir thart timpeall air, agus línte na rannta pléasctha go dtí ceithre choirnéal an leathanaigh; tá pearsantacht ag gach rann. In amanna, is gá an leathanach a iompú thart le teacht ar an gcéad fhocal nó líne eile ach is fiú an tóraíocht toisc go nochtann tú taisce teanga.

About the Author
Headshot of Tadhg Mac Dhonnagáin
Duine ildánach is ea Tadhg Mac Dhonnagáin, úrscéalaí, údar do pháistí, giotáraí agus amhránaí, scríbhneoir scripteanna agus foilsitheoir. Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata agus cuireadh a gcuid pictiúrleabhar ar fáil in 15 teanga ar fud an domhain.
Learn more
About the Illustrator
Cartoon Saloon Logo
Kilkenny-based Cartoon Saloon is a five-time Academy Award®, Golden Globe®, BAFTA and Emmy nominated animation studio formed by Paul Young, Tomm Moore and Nora Twomey. From award-winning shorts to feature films and TV series, Cartoon Saloon has carved a special place in the international Animation industry.
Learn more
Book Cover - Gugalaí Gug
Publication Date
January 2016
Price
€18.95
Format
Hardback
Pages
69
ISBN
9781910945193