Na Trí Mhuicín

‘Sean scéal agus meirg air’ a chloisim tú ag rá nuair a léann tú teideal an leabhair seo. Agus, ar dhóigheanna áirithe tá an ceart agat mar is annamh nach mbíonn eachtraí dána an mhic tíre ar eolas ag léitheoirí. Ach sa chás seo ní bheadh an ceart agat. Fiú má tá an bunscéal ar eolas agat, tá saothar ealaíne úr cruthaithe ag an údar agus an maisitheoir atá chomh bríomhar agus ildaite leis an chéad tuar ceatha i ndiaidh geimhridh fhada.

Is beag an spás atá curtha amú ag Paddy Donnelly ar leathanaigh líonta le dath. Is spraíúil iad na muca agus is scanrúil é an mac tíre atá léirithe aige. Beidh léitheoirí óga ag béicíl ar na muicíní mar cé go n-insíonn na focail agus na léaráidí sa chúlra go bhfuil na bainbh i gcontúirt ag tús an scéil taispeántar iad aineolach ar an dainséar seo ar leac an dorais. Baineann an maisitheoir úsáid chliste as peirspictíocht mar fásann an neach bagrach agus a fhiacla géara go dtí go líontar an leathanach uilig lena mheangadh glic.

Ach tá seans láidir ann an chéad uair a léann tú an leabhar seo nach mbeidh an t-am agat díriú isteach i gceart ar na léaráidí mealltacha mar beidh tú scuabtha ar aghaidh ar shruth na filíochta ina bhfuil na heachtraí inste. Tá an rím agus an rithim atá cruthaithe ag an iar-Laureate tógálach agus beidh fonn ort an scéal a léamh arís agus arís eile. Is fóirsteanach atá réiteach an scéil do léitheoirí óga. Clasaic úr do leabhragáin teaghlaigh.

About the Author
Headshot of Aine Ni Ghlinn
Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá os cionn tríocha leabhar scríofa aici. I measc na leabhar don aos óg atá scríofa aici, tá Boscadán, Hata Zú Mhamó, Tromluí, Fuadach agus Cinnín Óir agus na Trí Bhéar. Bhuaigh Daideo Gradam Réics Carló sa bhliain 2014 mar aon le Duais Leabhair Pháistí Éireann le haghaidh Ficsin sa bhliain 2015. Ceapadh Áine ina Laureate na nÓg sa bhliain
Learn more
About the Illustrator
Illustrator Headshot - Paddy Donnelly
Paddy Donnelly is an Irish illustrator now living in Belgium. He has over 15 years experience as an illustrator and designer, and especially loves working with a textured, painterly approach. With a fondness for illustrating the sea and animals, Paddy tries to inject a touch of humour to his work wherever he can. Coming from a graphic design background, Paddy is comfortable working in different
Learn more
NA TRÍ MHUICÍN - COVER
Illustrator
Publisher
Reviewer
Publication Date
March 2024
Price
€12.95
Format
Hardback
Pages
40
ISBN
9781915684110