Oíche Shamhna
Rachaidh léitheoirí ar thuras draíochtúil ar Oíche Shamhna leis an dán gutha tarraingteach seo.
Leagtar béim ar bheocht agus spraoi na féile do pháistí sna véarsaí snasta. Baintear úsáid as Gaeilge shaibhir agus mínítear na focail i nGaeilge agus i mBéarla sa ghluais ar chúl an leabhair. Is féidir le páistí duine de na carachtair osnádúrtha a roghnú (m.sh. cailleach, taibhse nó vaimpír) agus na véarsaí a bhaineann leo a léamh os ard lena gcairde nó lena gcomhdhaltaí. Tá créatúir eile luaite sna véarsaí freisin, m.sh. an bhean sí, an púca agus Seán na Gealaí. Is deis iontach é seo do pháistí foghlaim faoin mbéaloideas a bhaineann leis na neacha seo.
Tugtar leathanach amháin do gach véarsa agus líonann léaráid álainn an leathanach in aice leis. Ábhar plé iad na híomhánna mealltacha iad féin. Léirítear áiteanna, ainmhithe, bia agus éin a bhaineann le hOíche Shamhna sna pictiúir chomh maith leis na carachtair. Bígí ag faire amach don ábhar grinn iontu m.sh. cat na caillí ag iarraidh greim a choinneáil ar an scuab agus é ag eitilt san aer leis an gcailleach.
Tá gníomhaíochtaí éagsúla a spreagfaidh cruthaitheacht agus samhlaíocht páistí chomh maith leis an ngluais chuimsitheach a chuirfidh le stór focal páistí ag deireadh an leabhair. Is féidir éisteacht le taifeadadh an dáin tríd an gcód MF/QR ar an leathanach deireanach a scanadh. Is leabhar fíordheas é an leabhar seo don charr, don teach agus don seomra ranga.