Art Abú - Scoil na nArrachtaí

Is gnáthbhuachaill scoile é Art, ní maith leis éirí ró-luath ar maidin le dul ar scoil, ní réitíonn sé go maith lena dheirfiúr a bhíonn ag magadh faoi ach tá cairde maithe aige agus is duine cairdiúil, spraíúil é! Lá amháin tagann daltaí nua chun na scoile agus is léir go bhfuil pearsantacht agus tréithe faoi leith acu, ní mar a shíltear a bhítear! Tugann Art faoi deara go bhfuil rud éigin aisteach agus difriúil faoi na daltaí scoile nua seo agus caithfidh sé an scéal a fhiosrú. Is é Art a thugann faoin mbleachtaireacht agus is faoi Art é dul i gcabhair le muintir na scoile a shaorú!

Tá gluaiseacht an-mhaith sa scéal agus sna pictiúir agus tá cuma mhealltach agus tarraingteach ar na carachtair.

Greannán atá anseo, aistrithe go Gaeilge ón bhFraincis. Is deas go bhfuil carachtair ann agus an scéal suite san am faoi láthair.

Taitneoidh an scéal seo le léitheoirí óga, tá na pictiúir an-soiléir agus níl mórán téacs sna pictiúir, rud a chiallaíonn go bhféadfaí an scéal a thuiscint fiú dá mbeadh deacracht agat le focail nó téarma nua. Tá an t-aistriúchán taitneamhach do léitheoirí óga agus in oiriúint dóibh, tá an bhéim ar an scéal agus na carachtair seachas bheith ag smaoineamh gur greannán as Gaeilge é seo. Tá na pictiúir tarraingteach, an-chuid dathanna agus gluaiseacht agus frásaí deasa nua a mbeadh sa ghnáthchaint ag daoine óga.

Book Cover - Art Abú Scoil na nArrachtaí
Author/Illustrator
Publisher
Publication Date
November 2022
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
49
ISBN
9781913573386