Asterix agus Creachadóirí Chríoch Lochlann

Tá an-cháil ar an mbeirt Asterix agus a chara Obelix agus suíomh agus cúlra na ngreannán seo. Do léitheoirí nua is iontach an cur síos ag tús an leabhair maidir le tréithe na gcarachtar agus suíomh, agus tréimhse ama na scéalta. San eachtra seo tá Asterix agus Obelix le cúnamh a thabhairt d’Aicnix, fear óg ón gcathair, le heolas agus blaiseadh a fháil de shaol na tuaithe agus an bealach a gcaitheann agus a réitíonn Asterix agus Obelix le daoine agus le cúrsaí saoil.

Lá amháin, tagann creachadóirí Chríoch Lochlann i dtír agus fuadaíonn siad Aicnix agus tá siad ag iarraidh ceachtanna saoil a fhoghlaim uaidh! Caithfidh Asterix, Obelix agus a chairde Aicnix a shaoradh agus teacht ar réiteach leis an ruaig a chur ar na creachadóirí.

Scéal agus eachtra deas simplí agus cultúir éagúla ag teacht le chéile agus ag iarraidh aithne agus eolas a chur ar a chéile. Aistriúchán den chéad scoth, in oiriúint do léitheoirí óga agus insítear an scéal agus comhrá go héasca agus go soiléir. Tá gluaiseacht mhaith sa scéal, tá na pictiúir taitneamhach agus tarraingteach agus taitneoidh sé seo le léitheoirí óga. Tá an scéal greannmhar agus carachtair ag iarraidh nósanna a chéile a fhoghlaim agus a chleachtadh agus tá cur síos iontach sna pictiúir ar phlé agus ar chomhrá agus ar throideanna agus eachtraíocht uile!

Book Cover - Asterix agus Creachadóirí Chríoch Lochlann
Illustrator
Publisher
Publication Date
November 2022
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
50
ISBN
9781913573454